Cannabas luibhe ar luach os cionn €2.1 milliún gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim ag Aerfort Bhaile Átha Cliath
Ar 06/02/2026, le linn gnáthoibríochtaí, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 107kgs de channabas luibhe in Aerfort Bhaile Átha Cliath. Bhí an cannabas pacáilte i bhfolús agus i bhfolach i mboscaí ar a raibh an lipéad "Eádaí Leapa". Tháinig an cannabas, ar luach thart ar €2,150,000, ó Stáit Aontaithe Mheiriceá agus bhí sé i ndán do sheoladh i dTuaisceart Éireann.
Tá imscrúduithe ar siúl.
Tá an urghabháil seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnach na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar iompórtáil drugaí neamhdhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí, nó ag baill den phobal, maidir le smuigleáil, féadtar teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún trí ghlaoch a chur ar 1800 295 295.
[CRÍOCH 06/02/2026]