Ghabh na Coimisinéirí Ioncaim contrabhanna ar luach os cionn €99,000 in oibríochtaí éagsúla
Le linn na seachtaine seo caite, dar tús 09/02/2026, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim contrabhanna ar luach measta os cionn €99,000 in oibríochtaí éagsúla i mBaile Átha Cliath, i Lár na Tíre agus, i Europort Ros Láir.
Is mar thoradh ar phróifíliú riosca agus oibríochtaí bunaithe ar fhaisnéis a aimsíodh an méid seo a leanas:
- 0.6 kg de channabas luibhe, ar luach measta de €11,800.
- 3.3kg de iteán cannabais, ar luach measta os cionn €3,300.
- Drugaí aindleathacha éagsúla eile, ar luach measta os cionn €10,800.
- Táirgí tobac ar luach measta os cionn €9,000, arb ionann é agus caillteanas poitéinseal don státchiste de bheagnach €6,950.
- Os cionn 113 lítear alcóil ar luach measta os cionn €1,360 arb ionann é agus caillteanas poitéinsil don státchiste de bheagnach €730.
- 47 earra góchumtha, ar luach measta de €63,000.
Rinneadh an urghabháil cannabais luibhe agus drugaí aindleathacha mar thoradh ar phróifíliú riosca agus le cabhair ón madra bolaíochta Ciara. Tháinig na beartáin ó SAM, ó Cheanada, agus ón Ísiltír, agus bhí siad beartaithe do sheoltaí i mBaile Átha Cliath agus i gCill Mhantáin.
Urghabhadh na hearraí góchumtha toisc gur dheimhnigh Sealbhóir na gCeart gur sháraigh siad Cearta Maoine Intleachtúla.
Tá imscrúduithe ar siúl maidir le gach urghabháil.
Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim atá dírithe ar smuigleáil agus gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthaí, nó ag baill den phobal, maidir le smuigleáil, féadtar teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún trí ghlaoch a chur ar 1800 295 295.
[Críoch 16/02/2026]