Urghabháil drugaí ar luach thart ar €105,000 déanta mar thoradh ar chomhoibríocht
Ar 16/02/2026, mar chuid d'oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, gabhadh 5.75 kg de channabas luibhe san iomlán in dhá oibríocht ar leith i gCill Mhantáin.
Tá luach measta de thart ar €105,000 ar an gcannabas a urghabhadh.
Rinneadh na hurghabhálacha mar thoradh ar chomhoibríocht a rinne Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (BNGSDCE), Aonad Drugaí Bhré in éineacht le Brainsí Bleachtaireachta Bhré, an t-Inbhir Mhóir, Chill Mhantáin agus Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim.
Ghabh an Garda Síochána fear amháin sna 20idí agus bean amháin sna 30idí, agus tá siad á gcoinneáil faoi láthair i Stáisiúin de chuid na nGardaí i gCill Mhantáin faoi Alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984.
Tá imscrúduithe ar siúl.
[CRÍOCH 16/02/2026]