Liosta na mainnitheoirí cánach foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim
Ar 10 Márta 2026, d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim liosta na mainnitheoirí cánach i dtaca leis an tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2025 go dtí an 31 Nollaig 2025. Foilsítear an liosta in Iris Oifigiúil, ina dhá chuid.
- Cuid 1: Daoine a bhfuil sé cinntithe ag an gCúirt ina leith gur chóir pionós a ghearradh i dtaca le socraíocht, nó a bhfuil fíneáil, príosúnacht nó pionós eile gearrtha orthu ag an gCúirt i dtaca le coir chánach nó coir dhleachta.
- Cuid 2: Daoine a bhfuil tairiscint socraíochta glactha ag na Coimisinéirí Ioncaim ina leith seachas imeachtaí cúirte a thionscnamh, nó nuair a rinneadh íocaíocht iomlán i leith socraíochta. Léirítear ar an liosta seo suim na socraíochtaí a bhí fágtha gan íoc ag deireadh na tréimhse, 31 Nollaig 2025. Tá suimeanna neamhíoctha faoi réir ghnáthnósanna imeachta na gCoimisinéirí Ioncaim um bailiú fiachais agus forfheidhmiú.
Cuid 1: Cinntí cúirte
Cinneadh cúirte ar phionós
Faoi réir critéir áirithe, i dtaca le cásanna socraíochta nuair nach bhfuil aon chomhaontú i leith pionóis, nó má loiceann duine pionós comhaontaithe a íoc, is í an Chúirt a chinneann an pionós. Foilsítear sonraí nuair is mó an pionós arna chinneadh ag an gCúirt ná 15% den cháin iomlán (nuair is mó ná €50,000 iomlán na cánach) agus nach bhfuil nochtadh cáilitheach déanta:
- Bhí 2 chás sa tréimhse 3 mhí go dtí an 31 Nollaig 2025, le pionóis de €136,610 san iomlán.
Fíneáil, príosúnacht nó pionós eile arna ghearradh ag an gCúirt
Foilsítear sonraí nuair a ghearrtar fíneáil nó pionós eile Cúirte i dtaca le coireanna cánach nó dleachta. I measc na bpionós eile Cúirte, féadfaidh sé go ngearrfaí príosúnacht, pianbhreitheanna ar fionraí nó pianbhreitheanna ar fionraí go páirteach, seirbhís pobail in ionad príosúnachta, agus orduithe dúnta.
- Tá 64 cás den chineál seo á fhoilsiú agus is é €91,630 iomlán na bpionós arna ngearradh ag cúirt.
Ina measc seo, áirítear:
- 23 cás inar baineadh mí-úsáid as ola mianra marcáilte, ar gearradh fíneálacha Cúirte de €56,450 ina leith. Gearradh pianbhreith amháin freisin lena n-áirítear
- Pianbhreith coimeádta míosa, ar fionraí ar feadh 12 mhí ar bhanna féin de €100.
- 37 cás a bhain le coireanna máil i leith tobac a smuigleáil, díol mídhleathach tobac agus seilbh a thobac nár gearradh cáin air lena dhíol. Gearradh fíneálacha cúirte arb ionann iad agus €32,000. Gearradh 8 bpianbhreith freisin, lena n-áirítear:
- 2 x 2 bhliain príosúnachta, ar fionraí ina hiomláine.
- 1 bhliain príosúnachta, ar fionraí go hiomlán ar feadh 1 bhliain.
- 240 uair an chloig seirbhíse pobail in ionad príosúnacht 21 mhí.
- 160 uair an chloig seirbhíse pobail in ionad 8 mí príosúnachta a bheidh le cur i gcrích laistigh de 12 mhí.
- 3 x 1 mhí príosúnachta, ar fionraí ar feadh 1 mhí ar bhanna féin de €100.
- 4 chás inar loiceadh ceadúnas reatha deochanna meisciúla a shealbhú, ar gearradh fíneálacha Cúirte de €3,180 ina leith.
Cuid 2: Socraíochtaí
Foilsítear socraíochtaí nuair nach mbaintear leas as an réimse forleathan roghanna d’fhonn nochtadh saorálach a dhéanamh agus nuair a eascraíonn an loiceadh as iompar míchúramach nó as iompar d’aon ghnó:
- Tá 25 cás á fhoilsiú inniu agus is é €7.9m iomlán na suimeanna socraíochta sna cásanna seo:
- Bhí 7 chás níos lú ná €100,000.
- Bhí 15 cás idir €101,000 agus €500,000.
- Bhí 1 chás níos mó ná €501,000, ach nach mó ná €1,000,000.
- Bhí 2 chás a sháraigh €1,000,000.
- Bhí 6 chás ann nár íocadh an tsocraíocht ina hiomláine faoin 31 Nollaig 2025.
- Ba é €3.5m an tsuim neamhíoctha faoin 31 Nollaig 2025. Is le tréine gnímh a théann na Coimisinéirí Ioncaim i mbun socraíochtaí nár íocadh a bhailiú agus a fheidhmiú. I roinnt cásanna, ní bhíonn sé indéanta an tsuim iomlán gan íoc a bhailiú nó aisghabháil (mar shampla, i gcás leachtú cuideachta).
Toradh na gCoimisinéirí Ioncaim ar Chomhlíontacht
Níl sna socraíochtaí foilsithe seo ach sciar d’Idirghabhálacha Comhlíontachta uile na gCoimisinéirí Ioncaim. Sa tréimhse 3 mhí go dtí an 31 Nollaig 2025, rinneadh socraíochtaí i dtaca le 18,689 Idirghabháil Comhlíontachta de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, a raibh toradh €301,135,215 orthu.
Liosta na mainnitheoirí cánach.