Meabhraíonn na Coimisinéirí Ioncaim do cháiníocóirí Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT) a dTuairisceán Cánach Ioncaim 2025 a thíolacadh

An tseachtain seo, sheol na Coimisinéirí Ioncaim feachtas chun a mheabhrú do cháiníocóirí Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT) a dTuairisceán Cánach Ioncaim 2025 a thíolacadh.

Amhail an 06/03/26, tá os cionn 806,000 tuairisceán ÍMAT próiseáilte cheana féin i leith na bliana measúnaithe 2025. Is méadú suntasach é sin ar an 470,000 tuairisceán a próiseáladh faoi dheireadh mhí Eanáir, nuair a d'fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim réamhstaitisticí ar thuairisceáin ÍMAT 2025 a tíolacadh.

Ina theannta sin, tá na Coimisinéirí Ioncaim tar éis leanúint ar aghaidh leis an treocht atá ag méadú maidir le líon na gcáiníocóirí ÍMAT a úsáideann seirbhís moChúrsaí na gCoimisinéirí Ioncaim chun a dTuairisceán Cánach Ioncaim ÍMAT a thíolacadh. Suas go dtí agus lena n-áirítear an 6 Márta, tá an méid úsáide a bhaintear as moChúrsaí an-ard, le níos mó ná 8.2 milliún logáil isteach déanta san iomlán.

Cuirtear fáilte roimh an leibhéal rannpháirtíochta méadaithe seo, agus dúirt Aisling Ní Mhaoileoin, Bainisteoir ÍMAT Náisiúnta na gCoimisinéirí Ioncaim:

"Tá an tseirbhís moChúrsaí tapa, éasca agus saor in aisce le húsáid, agus ar fáil i rith na bliana, 24 uair sa lá, 7 lá na seachtaine. Ina theannta sin, baintear úsáid as an bhfaisnéis go léir atá ar fáil dúinn chun tuairisceáin a réamhlíonadh. Dá bhrí sin, i gcás fhormhór mór na gcáiníocóirí ÍMAT, is próiseas simplí é tuairisceán a thíolacadh agus is féidir leo é a chur i gcrích ag am a oireann dóibh féin."

Trí Thuairisceán Cánach Ioncaim ÍMAT a thíolacadh, is féidir le cáiníocóirí a chinntiú go bhfuil na creidmheasanna cánach agus na faoisimh go léir a bhfuil siad i dteideal a fháil á éileamh acu, mar aon le aon aisíocaíocht a d'fhéadfadh a bheith dlite dóibh. As na tuairisceáin atá faighte go dtí seo i mbliana, bhí ró-íocaíocht cánach mar thoradh ar bheagnach 82% (thart ar 661,000), agus tá aisíocaíochtaí de os cionn €637 milliún eisithe chuig cuntais bhainc na gcáiníocóirí cheana féin. Léirítear leis sin méadú de 279,596 tuairisceán, as a d'eascair an seasamh ró-íocaíochta ó mhí Eanáir, agus mar thoradh air sin, eisíodh aisíocaíochtaí breise os cionn €276 milliún chuig cáiníocóirí.

Bhí gearríocaíocht cánach mar thoradh ar bheagnach 12% de na tuairisceáin a próiseáladh go dtí seo (thart ar 96,000), agus bhí seasamh cothrom ag an chuid eile.

Ó mhí Eanáir, tá méadú leanúnach tagtha ar líon na n-éileamh ar fud raon na gcreidmheasanna cánach. Tá méadú 118,140 tagtha ar éilimh don Chreidmheas Cánach Cíosa suas go 216,839, agus tá méadú 119,604 tagtha ar éilimh do Chostais Chothromráta suas go 202,115. Tá méadú 39,787 tagtha ar éilimh don Fhaoiseamh Cianoibre suas go 85,247, agus tá costais sláinte éilithe ag 260,995 cáiníocóir, arb ionann é agus méadú de 132,659.

Is féidir le cáiníocóirí ÍMAT moChúrsaí a úsáid freisin chun aon ioncam breise a d'fhéadfadh a bheith tuillte acu lasmuigh den chóras ÍMAT a chur san áireamh. I gcásanna ina dtagann gearríocaíocht cánach chun cinn, oibríonn na Coimisinéirí Ioncaim leis na cáiníocóirí ábhartha chun an gearríocaíocht a bhailiú trína gcreidmheasanna cánach a laghdú amach anseo thar thréimhse ceithre bliana.

Tá feachtas faisnéise poiblí seolta ag na Coimisinéirí Ioncaim chun feasacht a ardú i measc cáiníocóirí ÍMAT maidir leis an raon creidmheasanna cánach agus faoisimh atá ar fáil agus faoin gcaoi ar féidir iad a éileamh.

Dúirt Aisling Ní Mhaoileoin:

"Molaim do gach cáiníocóir ÍMAT logáil isteach ar sheirbhís moChúrsaí na gCoimisinéirí Ioncaim chun a seasamh cánach a thabhairt chun críche chomh luath agus is féidir leo."

Meabhraítear do cháiníocóirí freisin go bhfuil ceithre bliana acu chun éileamh a dhéanamh ar aon aisíocaíocht bhreise a d'fhéadfadh a bheith dlite dóibh. Dá bhrí sin, ba chóir d'aon cháiníocóir nach bhfuil sé sin déanta acu  athbhreithniú a dhéanamh ar a seasamh cánach i leith na mblianta 2022, 2023 agus 2024.

Má tá airgead dlite ag na Coimisinéirí Ioncaim duit, gheobhaidh tú aisíocaíocht isteach i do chuntas bainc laistigh de chúpla lá. Má tá airgead dlite agat do na Coimisinéirí Ioncaim, oibreoidh muid leat chun rogha íocaíochta oiriúnach a fháil.

Féadtar treoir mhionsonraithe, lena n-áirítear físeáin céim ar chéim maidir le conas Tuairisceán Cánach Ioncaim ÍMAT a thíolacadh agus eolas faoin raon leathan creidmheasanna cánach agus faoisimh atá ar fáil, a fháil ar moChúrsaí agus ar leathanach tiomnaithe feachtais ÍMAT ag www.revenue.ie/paye.

Is féidir teacht ar sheirbhís moChúrsaí na gCoimisinéirí Ioncaim trí shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim nó trí chuntas fíoraithe MyGovID.

Meabhraítear do cháiníocóirí nach n-eisíonn na Coimisinéirí Ioncaim cumarsáid trí ríomhphost nó trí theachtaireacht téacs riamh.

[CRÍOCH 11/03/2026]