Urghabháil drugaí ar luach thart ar €400,000 déanta mar thoradh ar chomhoibríocht
Ar an 13/03/2026, le linn oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim thart ar 20 kg de channabas i gCo. Chill Dara. Tá luach measta de €400,000 ar na drugaí aindleathacha.
Rinneadh an urghabháil mar thoradh ar chomhoibríocht a rinne Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (BNGSDCE), Aonad Drugaí de Réigiún Chill Dara agus Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim i gCo. Chill Dara.
Ghabh An Garda Síochána fear amháin, sna 40idí, agus tá sé faoi choimeád faoi láthair ag Stáisiún Gardaí i gCo. Chill Dara faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil Gáinneáil ar Dhrugaí 1996.
Tá imscrúduithe ar siúl.
[CRÍOCH 13/03/2026]