Foilsíonn na Coimisinéirí Ioncaim Tuarascáil Bhliantúil maidir le Nochtadh Cosanta do 2025

Ar an 31 Márta 2026, d'fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim an Protected Disclosures Annual Report for 2025. Soláthraíonn an tuarascáil faisnéis maidir le nochtadh cosanta inmheánach agus seachtrach araon a fuair na Coimisinéirí Ioncaim in 2025. Is éard is nochtadh cosanta inmheánach ann ná tuairisc a dhéanann baill foirne reatha nó iarbhaill foirne de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a bhaineann le héagóir féideartha, a tharlaíonn laistigh de na Coimisinéirí Ioncaim. Is éard is nochtadh cosanta seachtrach ann ná tuairisc a dhéanann oibrithe atá fostaithe ag gnó, duine aonair nó eagraíocht, seachas na Coimisinéirí Ioncaim, ina bhfuil faisnéis faoi éagóir fhéideartha a bhaineann le rialuithe cánach, dleachta nó custam. Tuairiscítear i bhfoilseachán an lae inniu méadú leanúnach bliain ar bhliain ar líon na nochtuithe a fhaigheann na Coimisinéirí Ioncaim trí bhealaí tuairiscithe seachtracha maidir le neamhchomhlíonadh féideartha cánach nó dleachta.

Is duine forordaithe í Stiúrthóir Iniúchóireachta Inmheánaí na gCoimisinéirí Ioncaim, Leeann Kennedy, faoin Acht um Nochtadh Cosanta 2014 (arna leasú) chun nochtuithe seachtrach a fháil ar ábhair a bhaineann le rialuithe cánach, dleachta nó custaim. Ag trácht ar fhoilseachán an lae inniu, dúirt an tUasal Kennedy:

"Mar is gnáth, fáiltíonn na Coimisinéirí Ioncaim roimh gach tuairisc faisnéise maidir le neamhchomhlíontacht amhrasta cánach nó imghabháil cánach. Leanann na Coimisinéirí Ioncaim ag léiriú tiomantas soiléir dá n-oibleagáidí faoin Acht um Nochtadh Cosanta trí é a dhéanamh chomh héasca agus is féidir d'oibrithe faisnéis a thuairisciú faoi éagóir féideartha a bhaineann le cáin a tharla dóibh i gcomhthéacs na hoibre. Cuimsíonn 'oibrí' fostaithe, oibrithe gníomhaireachta, conraitheoirí, oiliúnaithe, oibrithe deonacha, comhaltaí boird, scairshealbhóirí agus iarratasóirí poist."

"Tá roinnt bealaí ann ar féidir le hoibrithe tuairisc a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim – trí ríomhphost, i scríbhinn, go pearsanta trí choinne, ar an bhfón nó trí fhoirm thuairiscithe shlán ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim. Déileálann na Coimisinéirí Ioncaim leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil mar fhaisnéis faoi rún agus tá bearta sonracha i bhfeidhm acu chun aitheantas aon duine a dhéanann tuairisc a chosaint. Glacann na Coimisinéirí Ioncaim le tuairiscí anaithnide freisin.”

Agus í ag trácht ar na tuairiscí a fuarthas in 2025 trí chainéil tuairiscithe seachtracha na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le nochtadh cosanta, dúirt an tUasal Kennedy:

" In 2025, fuair na Coimisinéirí Ioncaim 241 tuairisc nochta cosanta, suas ó 171 tuairisc a fuarthas in 2024. Cuireadh os cionn aon trian de na nochtuithe cosanta a fuarthas in 2025 isteach trí fhoirm tuairiscithe nochtadh cosanta ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim. Cinntíonn dearadh na foirme ar líne gur féidir tuairiscí a dhéanamh go sábháilte agus go hiomlán gan ainm. Déanann sé an próiseas chun tuairisc a dhéanamh chomh héasca agus is féidir agus uasmhéadaítear an t-eolas a thugtar chun cabhrú leis na Coimisinéirí Ioncaim measúnú a dhéanamh ar na nithe a thuairiscítear ."

Maidir le gníomhartha leantacha a rinne na Coimisinéirí Ioncaim de bharr na dtuairiscí a fuarthas, dheimhnigh an tUasal Kennedy:

"Caitear go dáiríre le gach tuairisc nochta cosanta a fhaigheann na Coimisinéirí Ioncaim agus le rúndacht iomlán. Tá sé fíorthábhachtach go gcuirtear faisnéis ábhartha agus mhionsonraithe ar fáil nuair a dhéantar tuairisc. Déantar measúnú riosca uirthi, agus glactar gníomh leantach cuí sa chás go bhfuil amhras ann nach gcomhlíonann gnólacht nó duine aonair a n-oibleagáidí cánach agus/nó dleachta. Déantar gníomhaíocht leantach ina leith seo i gcomhréir le Cód Cleachtais maidir le Idirghabhálacha Comhlíontachta na gCoimisinéirí Ioncaim.

“Mar gheall ar oibleagáidí dlíthiúla na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le rúndacht cáiníocóra faoi Alt 851A den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997, ní féidir sonraí a sholáthar maidir le haon idirghabháil shonrach cáiníocóra a eascraíonn as nochtadh cosanta. Mar sin féin, aithnítear an tábhacht a bhaineann le trédhearcacht maidir le hábhair den sórt sin, is féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim, ag ardleibhéal, a dheimhniú go bhféadfadh toradh na n-idirghabhálacha comhlíontachta sin a bheith de chineál airgeadaíochta, neamhairgeadaíochta, nó an dá rud. Mar shampla, thug idirghabhálacha comhlíontachta a osclaíodh de bhun tuairiscí nochta cosanta a fuarthas, os cionn €1.5 milliún i gcánacha breise don Státchiste in 2025. I measc na dtorthaí eile, tionscnaíodh ionchúisimh achomair i leith cionta máil, clárúcháin nua cánach, an tarraingt siar nó scor de chlárúcháin cánach agus bailiú fiachais trí Shocraíochtaí Tráthíocaíochtaí".  

[CRÍOCH 31/03/2026]