Ghabh na Coimisinéirí Ioncaim contrabhanna ar luach os cionn €158,000 in oibríochtaí éagsúla
Le linn na seachtaine dar tús 06/04/2026, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim contrabhanna ar luach measta os cionn €158,000 in oibríochtaí éagsúla i mBaile Átha Cliath, i Lár na Tíre agus, i Europort Ros Láir.
Is mar thoradh ar phróifíliú riosca agus oibríochtaí bunaithe ar fhaisnéis a aimsíodh an méid seo a leanas:
- 40,000 táibléad beinsidhé-asaipín, ar luach measta €80,000, 96 earra góchumtha, ar luach measta os cionn €41,700.
- 1.2 kg de channabas luibhe, ar luach measta de €23,900.
- Táirgí tobac, ar luach measta os cionn €5,800, agus arb ionann é agus caillteanas poitéinsil de os cionn €4,200 don Státchiste.
- Drugaí aindleathacha éagsúla eile, ar luach measta de bheagnach €5,200.
Rinneadh na hurghabhálacha cannabais luibhe agus drugaí aindleathacha mar thoradh ar phróifíliú riosca agus le cabhair ó na madraí bolaíochta Sam agus Ciara. Tháinig na beartáin ó na Stáit Aontaithe, an Ríocht Aontaithe, an Pholainn, Ceanada, an Ísiltír, an Spáinn, an India, agus Poblacht na Seice, agus bhíodar i ndán do sheoltaí éagsúla ar fud na tíre.
Urghabhadh na hearraí góchumtha toisc gur dheimhnigh Sealbhóir na gCeart gur sháraigh siad Cearta Maoine Intleachtúla. Urghabhadh sé ghabhálas arm déag freisin.
Tá imscrúduithe ar siúl maidir le gach urghabháil.
Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim atá dírithe ar smuigleáil agus gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthaí, nó ag baill den phobal, maidir le smuigleáil, féadtar teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún trí ghlaoch a chur ar 1800 295 295.
[Críoch 13/04/2026]