7.2 milliúin toitín gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim ag Calafort Bhaile Átha Cliath
Ar an 03/04/2026, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim thart ar 7.2 milliún toitín ag Calafort Bhaile Átha Cliath.
Rinneadh an urghabháil tar éis gnáthphróifíliú riosca, le cabhair ó scanóir soghluaiste X-ghaithaithe na gCoimisinéirí Ioncaim agus ón madra brathadóir Milo. Fuarthas an contrabhanna i gcoinsíneacht a dearbhaíodh mar pháirteanna trucail, tar éis cuardach a dhéanamh ar choimeádán a tháinig ar bhád ó Zeebrugge.
Meastar go bhfuil luach os cionn €6.8 milliún ar na toitíní smuigleáilte, brandáilte 'Lambert & Butler', arb ionann é agus caillteanas poitéinsil de os cionn €5.3 milliún don Státchiste.
Tá imscrúduithe ar siúl.
Tá an urghabháil seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an scáthgheilleagar agus ar sholáthar agus ar dhíol táirgí tobac neamhdhleathacha. Má tá aon eolas ag gnólachtaí, nó ag baill den phobal maidir le smuigleáil, féadtar teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an uimhir saorghlao 1800 295 295.
[CRÍOCH 14/04/2026]