1.2 milliún toitín gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i gCo. Uíbh Fhailí
Ar an Mháirt, 12/05/2026 ,mar chuid d'oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, le tacaíocht ón nGarda Síochána, thart ar 1.2 milliún toitín in áitreabh gnó i gCo. Uíbh Fhailí Meastar go bhfuil luach os cionn €1.1 milliún ar na toitíní aindleathacha, brandáilte 'Platinum' agus ‘Top Gun’, arb ionann é agus caillteanas poitéinsil de thart ar €890,000 milliún don Státchiste.
Tá imscrúduithe ar siúl.
Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an scáthgheilleagar agus ar sholáthar agus díolacháin táirgí tobac neamhdhleathacha. Má tá aon eolas ag gnólachtaí, nó ag baill den phobal maidir le smuigleáil, féadtar teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an uimhir saorghlao 1800 295 295.
[CRÍOCH 13/05/2026]