Cannabas luibhe ar luach €515,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim ag Aerfort Bhaile Átha Cliath
Ar an Aoine, 15/05/2026, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 25.8 kg de channabas luibhe ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. Tá luach measta os cionn €515,000 ar na drugaí aindleathacha. Thángthas ar an gcannabas i bhfolach i bpacáistí folúsphacáilte laistigh de bhagáiste paisinéara a thuirling de eitilt ó Toronto, Ceanada.
Ghabh An Garda Síochána fear sna 20idí agus tá sé á choinneáil faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 ag Stáisiún Gardaí i mBaile Átha Cliath.
Tá imscrúduithe ar siúl.
Tá an urghabháil seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhírítear ar ghrúpaí coireachta eagraithe agus ar impórtáil, díol agus soláthar drugaí mídhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Fóin faoi Rún 1800 295 295.
[CRÍOCH 16/05/2026]