Ghabh na Coimisinéirí Ioncaim contrabhanna ar luach os cionn €695,000 in oibríochtaí éagsúla

Le linn na seachtaine dar tús 11/05/2026, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim contrabhanna ar luach measta os cionn €695,000 in oibríochtaí éagsúla i mBaile Átha Cliath, i Lár na Tíre, i gCo. an Chabháin, agus i Europort Ros Láir. Is mar thoradh ar phróifíliú riosca agus oibríochtaí bunaithe ar fhaisnéis a aimsíodh an méid seo a leanas:

  • 21.5 kg de channabas luibhe, ar luach measta os cionn €419,500
  • Táirgí tobac, ar luach measta os cionn €202,000, arb ionann é agus caillteanas poitéinseal don Státchiste de bheagnach €157,100
  • 5.4kg de roisín cannabais, ar luach measta os cionn €31,600
  • 87 earra góchumtha ar luach measta os cionn €16,900
  • Drugaí aindleathacha éagsúla eile, ar luach measta os cionn €9,900
  • Os cionn 490 lítear alcóil ar luach measta os cionn €6,200, arb ionann é agus caillteanas poitéinsil don Státchiste de os cionn €3,300.

San áireamh sna gabhálacha, mar chuid d'oibríocht bunaithe ar fhaisnéis agus le cabhair ón madra brathadóra Toby, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim feithicil, 26,200 toitín agus thart ar €8,900 in airgead tirim. Rinneadh na hurghabhálacha tar éis cuardach a dhéanamh ar fheithicil agus cuardaigh eile ina dhiaidh sin, faoi bharántas, ar dhá áitreabh i gCo. an Chabháin.

Chomh maith leis na hurghabhálacha sin, mar chuid de chomhoibríocht ina raibh na Coimisinéirí Ioncaim agus an Garda Síochána páirteach le cabhair ón madra brathadóra Toby, bhí 146,900 toitín agus 22.5kg de thobac gafa Dé Domhnaigh, 17/05/2026, ag margadh i dTuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath. Tá luach measta os cionn €160,000 ar na toitíní agus an tobac a urghabhadh, de bhrandaí éagsúla, arb ionann é agus caillteanas poitéinsil don Státchiste de thart ar €124,000. Urghabhadh cainníocht alcóil freisin.

Rinneadh na hurghabhálacha cannabais luibhe agus drugaí aindleathacha mar thoradh ar phróifíliú riosca le cabhair ó mhadraí brathadóra Ciara agus Sam. Tháinig na beartáin ó na Stáit Aontaithe, an Ríocht Aontaithe, an Spáinn, an Ghréig, an Fhrainc, an Bhrasaíl, an tSualainn, agus an India, agus bhí siad i ndán do sheoltaí éagsúla ar fud na tíre.

Urghabhadh na hearraí góchumtha toisc gur dheimhnigh Sealbhóir na gCeart gur sháraigh siad Cearta Maoine Intleachtúla. Urgabhadh céad seachtó a dó gabhálas arm freisin.

Tá imscrúduithe ar siúl maidir le gach urghabháil.

Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim atá dírithe ar smuigleáil agus gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthaí, nó ag baill den phobal, maidir le smuigleáil, féadfar teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún trí ghlaoch a chur ar 1800 295 295.

[Críoch 18/05/2026]