3.8 milliún toitín gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i mBaile Átha Cliath

Ar an 09/06/2026, mar chuid d'oibríocht faoi threoir faisnéise agus le cúnamh ó mhadraí brathadóra Milo agus Kobe, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 3.8 toitín tar éis cuardach a dhéanamh faoi bharántas ar áitreamh gnó i mBaile Átha Cliath.

Tá luach measta os cionn €3.6 milliún ag na toitíní a urghabhadh de bhrandaí éagsúla, lena n-áirítear 'Kent' agus 'Marlboro', arb ionann é agus caillteanas poitéinsil de os cionn €2.8 milliún don Státchiste. Ceistíodh fear ina chuid 70í maidir leis an urghabháil.

Tá imscrúduithe ar siúl.

Tá an urghabháil seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim atá dírithe ar an scáthgheilleagar agus ar sholáthar agus ar dhíol táirgí tobac neamhdhleathacha. Má tá aon eolas ag gnólachtaí, nó ag baill den phobal maidir le smuigleáil, féadfar teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an uimhir saorghlao 1800 295 295.

[CRÍOCH 10/06/2026]