Liosta na mainnitheoirí cánach foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Ar 16/06/2026, d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim liosta na mainnitheoirí cánach i dtaca leis an tréimhse ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Márta 2026. Foilsítear an liosta in Iris Oifigiúil, ina dhá chuid.

  • Cuid 1: Daoine a bhfuil sé cinntithe ag an gCúirt ina leith gur chóir pionós a ghearradh i dtaca le socraíocht, nó a bhfuil fíneáil, príosúnacht nó pionós eile gearrtha orthu ag an gCúirt i dtaca le coir chánach nó coir dhleachta.
  • Cuid 2: Daoine a bhfuil tairiscint socraíochta glactha ag na Coimisinéirí Ioncaim ina leith seachas imeachtaí cúirte a thionscnamh, nó nuair a rinneadh íocaíocht iomlán i leith socraíochta. Léiríonn an liosta seo méid socraíochta a d'fhan neamhíoctha ag deireadh na tréimhse 31 Márta 2026. Tá suimeanna gan íoc faoi réir ghnáthnósanna imeachta na gCoimisinéirí Ioncaim um bailiú fiachais agus forfheidhmiú.

Cuid 1: Cinntí Cúirte

Cinneadh Cúirte ar Phionós

Faoi réir critéir áirithe, i dtaca le cásanna socraíochta nuair nach bhfuil aon chomhaontú i leith pionóis, nó má loiceann duine pionós comhaontaithe a íoc, is í an Chúirt a chinneann an pionós. Foilsítear sonraí nuair is mó an pionós arna chinneadh ag an gCúirt ná 15% den cháin iomlán (nuair is mó ná €50,000 iomlán na cánach) agus nach bhfuil nochtadh cáilitheach déanta:

  • Bhí 2 chás sa tréimhse 3 mhí go dtí an 31 Márta 2026, le pionóis de €219,402 san iomlán.

Fíneáil, príosúnacht nó pionós eile arna ghearradh ag an gCúirt

Foilsítear sonraí nuair a ghearrtar fíneáil nó pionós eile Cúirte i dtaca le coireanna cánach nó dleachta. I measc na bpionós eile Cúirte, féadfaidh sé go ngearrfaí príosúnacht, pianbhreitheanna ar fionraí nó pianbhreitheanna ar fionraí go páirteach, seirbhís pobail in ionad príosúnachta, agus orduithe dúnta

  • 84  cás den chineál seo á fhoilsiú agus is é €147,927.50 iomlán na bpionós arna ngearradh ag cúirt.

Ina measc seo, áirítear:

  • 25 cás a bhaineann le loiceadh tuairisceáin chánach ioncaim a thaisceadh nó loiceadh tuairisceáin CBL a thaisceadh:
    • Gearradh fíneálacha cúirte arb ionann iad agus €52,500.
    • Gearradh 1 phianbhreith príosúnachta 2 bhliain, ar fionraí go hiomlán
  • 15 cás inar baineadh mí-úsáid as ola mianra marcáilte:
    • Gearradh fíneálacha cúirte arb ionann iad agus €36,300.
    • Gearradh 1 phianbhreith 80 uair an chloig seirbhíse pobail in ionad príosúnacht 4 mhí.
  • 30 cás a bhain le coireanna máil i leith tobac a smuigleáil, díol mídhleathach tobac agus seilbh ar thobac nár gearradh cáin air lena dhíol. Gearradh fíneálacha cúirte arb ionann iad agus €43,450.  Gearradh 6 phianbhreith freisin, lena n-áirítear:
    • 2 bhliain agus 6 mhí príosúnachta, ar fionraí go hiomlán.
    • príosúnacht 21 mhí, ar fionraí go hiomlán.
    • príosúnacht 12 mhí, ar fionraí go hiomlán.
    • 2 x 6 mhí príosúnachta, ar fionraí go hiomlán ar feadh 2 bhliain mhí ar bhanna féin de €150.
    • 100 uair an chloig seirbhíse pobail in ionad príosúnacht 4 mhí.
  • 1 chás maidir le táirge tobac aindleathach a tháirgeadh. Gearradh pianbhreith 15 mhí príosúnachta, le 6 mhí ar fionraí.
  • 7 gcás inar loiceadh ceadúnas reatha deochanna meisciúla a shealbhú agus gearradh fíneálacha Cúirte dar suim €4,427.50 ina leith.
  • 1 chás maidir le halcól nár gearradh cáin air a bhí ar díol, agus gearradh fíneál Cúirte de €2,500 ina leith;
  • 2 chás ina raibh seilbh ar fheithicil neamhchláraithe, ar gearradh fíneálacha cúirte de€5,000 san iomlán ina leith.
  • 1 chás 'feithiclí neamhchláraithe a bheith agat i do chúram', ar gearradh fíneáil chúirte €2,500 ina leith.
  • 2 chás inar cuireadh bac ar Oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim inar gearradh iomlán de  €1,250 i bhfíneálacha Cúirte .

Cuid 2: Socraíochtaí

Foilsítear socraíochtaí nuair nach mbaintear leas as an réimse forleathan roghanna d’fhonn nochtadh saorálach a dhéanamh agus nuair a eascraíonn an loiceadh as iompar míchúramach nó as iompar d’aon ghnó:

  • 21  cás á fhoilsiú inniu agus is é €117 m  iomlán na suimeanna socraíochta sna cásanna seo. 
    • Bhí 2 chás níos lú ná €100,000.
    • Bhí 16 cás idir €101,000 agus €500,000.
    • Bhí 0 chás níos mó ná€501,000 ach nach mó ná €1,000,000.
    • Bhí 3 chás a sháraigh €1,000,000.
  • Bhí 6 chás ann nár íocadh an tsocraíocht ina hiomláine faoin 31 Márta 2026.
  • Ba é€112,821,885 an tsuim neamhíoctha faoin 31 Márta 2026. Is le tréine gnímh a théann na Coimisinéirí Ioncaim i mbun socraíochtaí nár íocadh a bhailiú agus a fheidhmiú. I roinnt cásanna, ní bhíonn sé indéanta an tsuim iomlán gan íoc a bhailiú/aisghabháil (m.sh., i gcás leachtú cuideachta).

Toradh na gCoimisinéirí Ioncaim ar Chomhlíontacht 

Níl sna socraíochtaí foilsithe seo ach sciar d’Idirghabhálacha Comhlíontachta uile na gCoimisinéirí Ioncaim.  Sa tréimhse 3 mhí go dtí an 31 Márta 2026, rinneadh socraíochtaí i dtaca le 17,891 Idirghabháil Comhlíontachta de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, a raibh toradh €175,584,659 orthu.

Liosta na mainnitheoirí cánach