Urghabháil drugaí ar luach thart ar €1.4 milliún déanta mar thoradh ar chomhoibríocht
Ar an 09/07/2026, mar chuid d’oibríocht bunaithe ar fhaisnéis agus a raibh Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim, an Biúró Náisiúnta Garda um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (BNGSDCE) agus Aonad Drugaí Bhaile Munna páirteach inti, urghabhadh thart ar 73kg de channabas luibhe amhrasta i mBaile Átha Cliath. Tá luach measta os cionn €1.4 milliún ar na drugaí aindleathacha.
Ghabh an Garda Síochána beirt fhear, sna 40í agus 30idí, agus tá siad á gcoinneáil faoi láthair faoi fhorálacha Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 i Stáisiún Gardaí i mBaile Átha Cliath.
Tá imscrúduithe ar siúl.
[CRÍOCH 09/07/2026]