Breis agus 7.7 milliún toitín gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i gCo. Loch Garman
Ar an 15/07/2026, mar chuid d'oibríocht bunaithe ar fhaisnéis ina raibh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim lonnaithe i gCill Chainnigh le cúnamh ó oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim atá lonnaithe in Europort Ros Láir, urghabhadh os cionn 7.7 milliún toitín i gCo. Loch Garman.
Meastar go bhfuil luach os cionn €7.3 milliún ar na toitíní smuigleáilte, brandáilte 'L & B', arb ionann é agus caillteanas poitéinsil de os cionn €5.7 milliún don Státchiste. Thángthas ar an contrabhanna le linn cuardaigh a rinneadh ar leantóir gan tionlacan.
Tá imscrúduithe ar siúl.
Tá na gnáthoibríochtaí seo mar chuid d’obair leanúnach na Coimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an smuigleáil agus ar ghníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ag an Uimhir Theileafóin faoi Rún 1800 295 295.
[CRÍOCH 15/07/2026]