Urghabháil drugaí ar luach thart ar €7.84 milliún déanta mar thoradh ar chomhoibríocht

Ar an 25/07/2026, mar chuid d’oibríocht bunaithe ar fhaisnéis agus a raibh Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim agus Biúró Náisiúnta Garda um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (BNGSDCE) páirteach inti, urghabhadh thart ar 392kg de channabas luibhe ag Calafort Bhaile Átha Cliath. Tá luach measta os cionn €7.84 milliún ar na drugaí aindleathacha.

Tá imscrúduithe ar siúl.

[CRÍOCH 25/07/2026]]