Gabhann na Coimisinéirí Ioncaim contrabhanna ar luach beagnach €220,000 in oibríochtaí éagsúla

Le linn na seachtaine dar tús 24/08/2026, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim contrabhanna ar luach measta de bheagnach €220,000 in oibríochtaí éagsúla i mBaile Átha Cliath, i Lár na Tíre, agus in Europort Ros Láir.

Is mar thoradh ar phróifíliú riosca agus oibríochtaí bunaithe ar fhaisnéis a aimsíodh an méid seo, lena n-áirítear:

  • 132 earra góchumtha, ar luach measta os cionn €180,300.
  • Thar 1.1 kg de channabas luibhe, ar luach measta de bheagnach €22,400.
  • Drugaí aindleathacha éagsúla, ar luach measta os cionn €11,300.
  • Os cionn 178 lítear d'alcól, ar luach measta os cionn €2,800, arb ionann é agus caillteanas poitéinsil de os cionn €1,800 don Státchiste.
  • Táirgí tobac, ar luach measta os cionn €2,800, arb ionann é agus caillteanas poitéinsil de os cionn €2,100 don Státchiste.

Rinneadh na hurghabhálacha cannabais luibhe agus drugaí aindleathacha mar thoradh ar phróifíliú riosca agus le cabhair ó mhadraí brathadóra Sam agus Ciara. Tháinig na beartáin ón Ríocht Aontaithe, ó na Stáit Aontaithe, ón Spáinn, ón India, agus ó Cheanada, agus bhí siad i ndán do sheoltaí éagsúla ar fud na tíre.

Urghabhadh na hearraí góchumtha toisc gur dheimhnigh Sealbhóir na gCeart gur sháraigh siad Cearta Maoine Intleachtúla. Urghabhadh seacht ngabhálas arm freisin.

Tá imscrúduithe ar siúl maidir leis na hurghabhálacha go léir.

Tá na hurghabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim atá dírithe ar smuigleáil agus gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthaí, nó ag baill den phobal, maidir le smuigleáil, féadtar teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún trí ghlaoch a chur ar 1800 295 295.

[Críoch 31/08/2026]