Gabhann na Coimisinéirí Ioncaim drugaí aidleathacha ar luach os cionn €1.2 milliún ag Aerfort Chorcaí

Ar an Luan, 31/08/2026, mar thoradh ar ghnáthphróifíliú, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim thart ar 12 kg de chócaon ag Aerfort Chorcaí. Tá luach measta de os cionn €1.2 milliún ar gcócaon.

Aimsíodh na drugaí aindleathacha i bhfolach i bpacáistí laistigh de bhagáiste paisinéara a thuirling d'eitlilt a tháinig as Faro, and Phortaingéil.  Ghabh An Garda Síochána fear sna 30idí ina dhiaidh sin agus tá sé á choinneáil faoi láthair faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 ag Stáisiún Gardaí Chorcaí.

Tá imscrúduithe ar siúl.

Tá an urghabháil seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhírítear ar ghrúpaí coireachta eagraithe agus ar impórtáil, díol agus soláthar drugaí mídhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadtar teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim ar an Uimhir Fóin faoi Rún 1800 295 295.

[CRÍOCH 31/08/2026]