Urghabhálacha drugaí ar luach os cionn €275,000 mar thoradh ar chomhoibríochtaí

Ar 31/08/2026, mar chuid d'oibríocht faoi stiúir faisnéise ina raibh baint ag Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim, Biúró Náisiúnta Garda um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (BNGSDCE) agus Aonad Drugaí DMR de réigiún an Láir Theas, ghabh oifigigh Custam na gCoimisinéirí Ioncaim 1 kg de chócaon amhrasta, ar luach measta de €100,000, in Iarthar Bhaile Átha Cliath 8.

I gcuardaigh leantacha, ghabh baill den Gharda Síochána €16,000 in airgid tirim agus cainníocht bhreise de dhrugaí rialaithe éagsúla ar luach €14,500.

Ghabh an Garda Síochána beirt fhear, sna 30idí, agus tá siad á gcoinneáil faoi láthair faoi fhorálacha Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 i Stáisiún Gardaí i mBaile Átha Cliath.   

Ar 01/09/2026, mar chuid d'oibríocht faoi stiúir faisnéise ina raibh baint ag Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim, Biúró Náisiúnta Garda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (BNGSDCE) agus Coireacht Thromchúiseach Theas, ghabh oifigigh Chustaim na gCoimisinéirí Ioncaim 11.65 kg de channabas amhrasta, ar luach measta de €163,000, in Iarthar Bhaile Átha Cliath.

Ghabh An Garda Síochána bean amháin atá sna 30idí d'aois, agus tá sí á coinneáil faoi láthair faoi fhorálacha Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 i Stáisiún Gardaí i mBaile Átha Cliath.

Tá imscrúduithe ar siúl.

[CRÍOCH 01/09/2026]