Liosta na mainnitheoirí cánach foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Ar 08/09/2026, d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim liosta na mainnitheoirí cánach i dtaca leis an tréimhse ón 1 Aibreán 2026 go dtí an 30 Meitheamh 2026. Foilsítear an liosta in Iris Oifigiúil, ina dhá chuid.

  • Cuid 1: Daoine a bhfuil sé cinntithe ag an gCúirt ina leith gur chóir pionós a ghearradh i dtaca le socraíocht, nó a bhfuil fíneáil, príosúnacht nó pionós eile gearrtha orthu ag an gCúirt i dtaca le coir chánach nó coir dhleachta.
  • Cuid 2: Daoine a bhfuil tairiscint socraíochta glactha ag na Coimisinéirí Ioncaim ina leith seachas imeachtaí cúirte a thionscnamh, nó nuair a rinneadh íocaíocht iomlán i leith socraíochta. Léirítear ar an liosta seo suim na socraíochtaí a bhí fágtha gan íoc ag deireadh na tréimhse, 30 Meitheamh 2026. Tá suimeanna neamhíoctha faoi réir ghnáthnósanna imeachta na gCoimisinéirí Ioncaim um bailiú fiachais agus forfheidhmiú.

Cuid 1: Cinntí Cúirte

Cinneadh Cúirte ar Phionós

Faoi réir critéir áirithe, i dtaca le cásanna socraíochta nuair nach bhfuil aon chomhaontú i leith pionóis, nó má loiceann duine pionós comhaontaithe a íoc, is í an Chúirt a chinneann an pionós. Foilsítear sonraí nuair is mó an pionós arna chinneadh ag an gCúirt ná 15% den cháin iomlán (nuair is mó ná €50,000 iomlán na cánach) agus nach bhfuil nochtadh cáilitheach déanta:

  • Bhí 1 chás sa tréimhse 3 mhí go dtí an 30 Meitheamh 2026, le pionóis de €24,172 san iomlán.

Fíneáil, príosúnacht nó pionós eile arna ghearradh ag an gCúirt

Foilsítear sonraí nuair a ghearrtar fíneáil nó pionós eile Cúirte i dtaca le coireanna cánach nó dleachta. I measc na bpionós eile Cúirte, féadfaidh sé go ngearrfaí príosúnacht, pianbhreitheanna ar fionraí nó pianbhreitheanna ar fionraí go páirteach, seirbhís pobail in ionad príosúnachta, agus orduithe dúnta

  • 54 cás den chineál seo á fhoilsiú agus is é €129,897.50 iomlán na bpionós arna ngearradh ag cúirt.

Ina measc seo, áirítear:

  • 8 gcás a bhaineann le loiceadh tuairisceáin chánach ioncaim, tuairisceáin chánach corparáide nó tuairisceáin CBL a thaisceadh:
    • Gearradh fíneálacha cúirte arb ionann iad agus €25,000
    • Gearradh2 phianbhreith príosúnachta sé mhí
  • 17 cás inar baineadh mí-úsáid as ola mianra marcáilte, ar gearradh fíneálacha Cúirte de €44,100 ina leith.
  • 1 chás inar loiceadh ceadúnas reatha ola mhianra a shealbhú agus gearradh fíneál Cúirte  €2,500 san iomlán ina leith.
    • príosúnacht 1 bhliain ar fionraí go hiomlán
    • 3 mhí príosúnachta ar fionraí ar feadh 12 mhí ar bhanna féin
    • 60 uair an chloig seirbhíse pobail in ionad príosúnacht 2 mhí
  • 20 cás a bhain le coireanna máil i leith tobac a smuigleáil, díol mídhleathach tobac agus seilbh ar thobac nár gearradh cáin air lena dhíol. Gearradh fíneálacha cúirte arb ionann iad agus €45,500. Gearradh 3 phianbhreith freisin, lena n-áirítear:
  • 4 gcás inar loiceadh ceadúnas reatha deochanna meisciúla a shealbhú agus gearradh fíneálacha Cúirte dar suim €2,797.50 ina leith.
  • 1 chás ina raibh seilbh ar fheithicil neamhchláraithe, ar gearradh fíneálacha cúirte de€2,500 san iomlán ina leith.
  • 2 chás inar cuireadh bac ar Oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim inar gearradh iomlán de  €5,000 i bhfíneálacha Cúirte .
  • 1  chás inar tugadh fáisnéis mhíchruinn nó míthreorach, agus gearradh fíneál cúirte de €2,500 ina leith

Cuid 2: Socraíochtaí

Foilsítear socraíochtaí nuair nach mbaintear leas as an réimse forleathan roghanna d’fhonn nochtadh saorálach a dhéanamh agus nuair a eascraíonn an loiceadh as iompar míchúramach nó as iompar d’aon ghnó:

  • 20 gcás á fhoilsiú inniu agus is é €11.6m iomlán na suimeanna socraíochta sna cásanna seo. 
    • Bhí 2 chás níos lú ná €100,000.
    • Bhí 13 cás idir €101,000 agus €500,000.
    • Bhí 1 chás níos mó ná €501,000 ach nach mó ná €1,000,000.
    • Bhí 4 chás a sháraigh €1,000,000
  • Bhí 7 chás ann nár íocadh an tsocraíocht ina hiomláine faoin 30 Meitheamh 2026.
  • Ba é €6,733,739 a bhí gan íoc amhail an 30 Meitheamh 2026. Is le tréine gnímh a théann na Coimisinéirí Ioncaim i mbun socraíochtaí nár íocadh a bhailiú agus a fheidhmiú. I roinnt cásanna, ní bhíonn sé indéanta an tsuim iomlán gan íoc a bhailiú/aisghabháil (m.sh., i gcás leachtú cuideachta).

Toradh na gCoimisinéirí Ioncaim ar Chomhlíontacht 

Níl sna socraíochtaí foilsithe seo ach sciar d’Idirghabhálacha Comhlíontachta uile na gCoimisinéirí Ioncaim.  Sa tréimhse 3 mhí go dtí an 30 Meitheamh 2026, rinneadh socraíochtaí i dtaca le 18,648 Idirghabháil Comhlíontachta de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, a raibh toradh €129,754,243 orthu.

Liosta na Mainnitheoirí Cánach