Ghabh na Coimisinéirí Ioncaim drugaí aindleathacha ar luach os cionn €892,000 milliún ag Aerfort Bhaile Átha Cliath

Ar an Luan, 05/10/2026, agus Déardaoin, 08/10/2026, in oibríochtaí ar leithligh bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim thart ar 22.72 kg de channabais agus 5.74 kg de chócaon.

Tá luach iomlán os cionn €892,000 ar na drugaí aindleathacha.

Ar an Luan, 05/10/2026, stop agus chuardaigh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim bagáiste paisinéara a thuirling d'eitilt a tháinig ón Téalainn. Aimsíodh thart ar 22.72 kg de channabais i bpacáistí folúsphacáilte.

Ghabh an Garda Síochána fear ina chuid 30idí atá tar éis teacht os comhair na gcúirteanna ó shin.

Ar an Déardaoin, 08/10/2026, stop agus chuardaigh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim bagáiste paisinéara a thuirling d'eitilt a tháinig ón mBrasaíl agus d'aimsigh siad thart ar 5.74 kg de chócaon i bhfolach laistigh de choisbheart.

Ghabh an Garda Síochána bean amháin atá ina 40idí. Cúisíodh í ó shin agus bhí sí le teacht os comhair na gCúirteanna Breithiúnais Coiriúla (CCJ) tráthnóna inniu, 09/10/2026.

Tá imscrúduithe ar siúl.

Tá na gabhálacha seo mar chuid d'oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar ghrúpaí coireachta eagraithe agus ar iompórtáil, díol agus soláthar drugaí mídhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadtar teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim fao rún ar an Uimhir Fóin 1800 295 295.

[CRÍOCH 09/10/2026]