Tinte ealaíne ar luach níos mó ná €2.2 milliún gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim ag Europort Ros Láir

Ar 11/10/2026, ghabh Oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim in Europort Ros Láir 1,123,200 tine ealaíne.

Urghabhadh an choinsíneacht tar éis gnáthphróifíliú a bhí spriocdhírithe chun táirgí srianta agus toirmiscthe a aithint. Aimsíodh na tinte ealaíne i leantóir tionlactha á tháinnig i dtír ar bhád farantóireachta ón bhFrainc. Urghabhadh an leantóir agus na tinte ealaíne. 

Tá luach measta de €2,246,400 ar na tinte ealaíne, brandáilte Black Cat Bangers. 

Ceistíodh fear amháin, atá ina chuid 50idí, maidir leis an urghabháil. 

Tá imscrúduithe ar siúl. 

Tá na gnáthoibríochtaí seo mar chuid d’obair leanúnach na Coimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an smuigleáil agus ar ghníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ag an Uimhir Theileafóin faoi Rún 1800 295 295.

 [CRÍOCH 13/10/2026]