Contrabhanna ar luach níos mó ná €213,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim in oibríochtaí éagsúla
Le linn na seachtaine dar tús an 02/11/2026, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim contrabhanna ar luach measta os cionn €213,000 in oibríochtaí éagsúla i mBaile Átha Cliath, i Lár na Tíre agus in Europort Ros Láir. Is mar thoradh ar phróifíliú riosca agus oibríochtaí bunaithe ar fhaisnéis a aimsíodh an méid seo a leanas:
- Os cionn 7.1 kg de channabas luibhe, ar luach measta os cionn €99,900.
- Drugaí aindleathacha éagsúla, ar luach measta os cionn €37,100.
- Os cionn 500 gram de chéataimín, ar luach measta os cionn €30,100.
- Táirgí tobac, ar luach measta os cionn €29,000, arb ionann é agus caillteanas poitéinsil de os cionn €22,000 don Státchiste.
- 40 earra góchumtha, ar luach measta os cionn €13,900.
Rinneadh na hurghabhálacha cannabais luibhe agus drugaí aindleathacha mar thoradh ar próifíliú riosca, agus le cabhair ó na madraí brathadóra Sam agus Ciara. Tháinig na beartáin ón Ríocht Aontaithe, an Spáinn, an Ísiltír, an Danmhairg, na SAM, an Pholainn, an India, agus an Fhrainc, agus a bhí siad i ndán do sheoltaí éagsúla ar fud na tíre.
Urghabhadh na hearraí góchumtha toisc gur dheimhnigh Sealbhóir na gCeart gur sháraigh siad Cearta Maoine Intleachtúla. Ina theannta sin, urghabhadh 1,387 gabhálas arm freisin.
Tá imscrúduithe ar siúl maidir leis na hurghabhálacha go léir.
Tá na hurghabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim atá dírithe ar smuigleáil agus gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthaí, nó ag baill den phobal, maidir le smuigleáil, féadtar teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún trí ghlaoch a chur ar 1800 295 295.
[Críoch 09/11/2026]