Céard is Saoráil Faisnéise ann?

Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise tá an ceart reachtúil ag an uile dhuine:

  • rochtain a fháil ar faisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí
  • faisnéis oifigiúil a bhaineann leis an duine féin a leasú nuair is faisnéis neamhiomlán, mícheart nó míthreorach é
  • cúiseanna a fháil ar chinntí a bhfuil tionchar acu ar an duine.

Tabharfaimid rochtain, a mhéid agus is féidir i gcomhréir le leas an phobail agus leis an gceart chun príobháideachta an duine.

Féadfaidh duine ar bith iarratas a dhéanamh ar thaifid faoi Saoráil Faisnéise Forálann an tAcht go bhféadfaidh tuismitheoirí nó caomhnóirí iarratas a dhéanamh rochtain a fháil ar thaifid maidir lena leanaí.