Saoráil Faisnéise sna Coimisinéirí Ioncaim

Léargas ginearálta

Ligeann an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 duit iarratas a dhéanamh chun rochtain a fháil ar thaifid atá ina sheilbh ag na Coimisinéirí Ioncaim. Tugann sé an ceart duit do thaifid a cheartú nó a thabhairt cothrom le dáta, má tá siad neamhiomlán, mícheart nó míthreorach. Freisin, ligtear duit cúiseanna a fháil maidir le cinntí déanta ag na Coimisinéirí Ioncaim a théann i bhfeidhm ort.

Tá eolas maidir le feidhmeanna, gníomhaíochtaí agus scéimeanna na gCoimisinéirí Ioncaim ar fáil go rialta don phobal. Leanfar den eolais sin a bheith ar fáil go neamhfhoirmiúil gan gá leis an tAcht um Shaoráil Faisnéise a úsáid.

Ar aghaidh: Iarratas Saoráil Faisnéise a dhéanamh