Saoráil Faisnéise sna Coimisinéirí Ioncaim

Rochtain ar Fhaisnéis Chomhshaoil (RFC)

Faoi Rialacháin 2007 go 2011 i leith Rochtain ar Fhaisnéis Chomhshaoil, tá an ceart agat rochtain a fháil ar Thaifid Chomhshaoil atá á coinneáil ag nó le haghaidh údarás poiblí.  Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cinneadh ar d’iarratas taobh istigh de mhí amháin ón dáta a fhaightear an t-iarratas.

Tá téacs na reachtaíochta agus na dtreoirlínte seo ar fáil ar shuíomh idirlín na Roinne Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil. Tá sainmhíniú sa reachtaíocht ar céard is faisnéis chomhshaoil ann. Tá liosta ann chomh maith ar na húdaráis phoiblí a bhféadtar eolas a lorg uathu.

Iarratas RFC a dhéanamh

Má mheasann tú go bhfuil faisnéis chuí chomhshaoil á coinneáil ag na Coimisinéirí Ioncaim, féadtar teagmháil a dhéanamh linn i scríbhinn nó tríd an ríomhphost chun iarratas a dhéanamh. Ba chóir duit:

  • sonrú go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh agat faoi na rialacháin RFC
  • a mhéad eolais agus is féidir a chur ar fáil chun ligean dúinn an fhaisnéis chomhshaoil a theastaíonn uait a aithint
  • uimhir theileafóin i rith an lae a chur ar fáil ionas go bhféadaimid teagmháil a dhéanamh leat má bhíonn aon fhiosruithe againn.

Tá sonraí teagmhála ar fáil sa rannán Déan teagmháil linn.

Athbhreithniú Inmheánach

Féadtar iarraidh go ndéanfaí oifigeach níos sinsearaí athbhreithniú inmheánach ar chinneadh.  Ba chóir duit d’iarratas a dhéanamh laistigh d’aon mhí amháin ó fhógra a fháil i leith an chinnidh. Cuirfidh an t-athbhreithneoir inmheánach ar an eolas thú faoi thoradh an athbhreithnithe laistigh d’aon mhí amháin.

Coimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil

Mura bhfuil tú sásta le toradh an athbhreithnithe inmheánaigh, féadtar achomharc a dhéanamh leis an gCoimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil (CFC).  

Ba chóir duit d’iarratas ar achomharc a dhéanamh laistigh d’aon mhí amháin:

  • ón dáta a chuirtear ar an eolas thú faoi chinneadh an athbhreithnithe inmheánaigh

  • ón dáta atá sé dlite go gcuirfí ar an eolas thú faoin gcinneadh.