Saoráil Faisnéise sna Coimisinéirí Ioncaim

Iarratas Saoráil Faisnéise a dhéanamh

Chun iarratas a dhéanamh, féadtar teagmháil a dhéanamh linn trí litir nó ríomhphost agus ba chóir duit:

  • sonrú go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh agat faoi na rialacháin Saorála Faisnéise
  • a mhéad eolais agus is féidir a chur ar fáil chun cabhrú linn na taifid a theastaíonn uait a shainaithint
  • uimhir fóin lae a chur ar fáil ar fhaitíos go mbíonn aon fhiosruithe againn i ndáil le d’iarratas.

Tá sonraí teagmhála ar fáil sa rannán Déan teagmháil linn.

Tabhair do d’aire

Le haghaidh iarratais phearsanta, féadfaidh sé go dteastóidh uainn cruthúnas aitheantais a fháil.

Cé chomh tapa is a gheobhaidh tú freagra

Go ginearálta, ní mór dúinn

  • d'iarratas a admháil taobh istigh de 2 sheachtain (10 lá oibre) tar éis é a fháil
  • an cinneadh a chur in iúl duit taobh istigh de 4 seachtaine (20 lá oibre) tar éis é a fháil
  • d’iarratas a atreorú chuig an gcomhlacht poiblí cuí taobh istigh de 2 sheachtain ó é a fháil agus é sin a chur in iúl duit mura bhfuil na sonraí atá á lorg agat i seilbh ag na Coimisinéirí Ioncaim.

An bhfuil táille i gceist leis?

Tá iarratais ar thaifid phearsanta faoi Shaoráil Faisnéise saor in aisce. 

Féadfaidh sé go dtabhaítear táillí i leith obair cuardaigh agus aisghabhála i gcás iarratais ar thaifid neamhphearsanta, lena n-áirítear fótachóipeáil.

Ríomhtar táille cuardach agus aisghabhála ag €20.00 in aghaidh na huaire an duine agus €0.04 in aghaidh gach leathanach fótachóipeáilte.

  • Níl aon táille nuair atá costais an chuardaigh, na haisghabhála agus na cóipeála níos ísle ná €101
  • Tá muirear uasta de €500 sa chás go bhfuil costais an chuardaigh, na haisghabhála agus na cóipeála níos mó ná €500 ach níos lú ná €700.

Sa chás go bhfuil costais an chuardaigh, na haisghabhála agus na cóipeála níos mó ná €700, féadfaidh muid diultú an t-iarratas a phróiseáil. Tabharfaidh muid an deis duit d'iarratas a bheachtú ar an gcéad dul síos.

Tabhair do d’aire:

Le leas a bhaint as an táille laghdaithe, féadfaidh sé go n-iarrfar cruthúnas ar chárta leighis más gá.

Ar aghaidh: An bhfuil iarratas Saoráil Faisnéise riachtanach i gcónaí?