Saoráil Faisnéise sna Coimisinéirí Ioncaim

An scaoilfidh na Coimisinéirí Ioncaim leis an bhfaisnéis uile a iarrann tú?

Féadfaidh sé nach bhfuil sé indéanta gach taifead atá tú ag iarraidh a scaoileadh. Féadfaidh muid roinnt taifead a scaoileadh i bhfoirm folaithe nó iad a dhiúltú go hiomlán. (Féadfaidh sé go bhfuil ábhar áirithe íogair nó bainteach le tríú páirtí agus, dá bhrí sin, tá sé cosanta ag díolúintí.)

Féadfaidh muid d'iarratas a dhiúltú freisin má mheasann muid go bhfuil sé róleathan nó doiléir. Cabhróidh muid leat, áfach, an fhadhb seo a leasú. Má dhiúltaíonn muid d’iarratas, in iomláine nó i bpáirt, ní mór dúinn fáthanna don diultú a thabhairt duit.

Céard iad na díolúintí?

Is éard is díolúintí ann ná coinníollacha faoina gcosnaítear taifid áirithe. Áirítear leis seo ábhar a bhaineann le himscrúduithe, comhairle dhlíthiúil agus taifid a bhaineann le gnóthaí nó le daoine aonair eile. Ag brath ar ábhar an taifid, féadtar é a scaoileadh i bpáirt nó a dhiúltú ina iomláine. 

Ar aghaidh: An bhféadtar achomharc a dhéanamh ar chinneadh saorála faisnéise?