Saoráil Faisnéise sna Coimisinéirí Ioncaim

An bhféadtar achomharc a dhéanamh ar chinneadh saorála faisnéise?

Féadann. Féadtar athbhreithniú inmheánach ar chinneadh saorála faisnéise a iarraidh taobh istigh de 20 lá oibre ón dáta a eisíonn muid an litir chugat, sa chás:

  • nach bhfuil tú sásta le cinneadh an athbhreithnithe inmheánaigh
  • nach bhfuair tú freagra taobh istigh de 20 lá ón dáta a tháinig an t-iarratas isteach. Measann an tAcht gur diúltú ar d’iarratas é seo agus ligeann sé sin duit athbhreithniú inmheánach a iarraidh.

Déanfaidh oifigeach níos sinsearaí an t-athbhreithniú ar d'iarratas.  Cuirfimid toradh an athbhreithnithe seo in iúl duit taobh istigh de 15 lá oibre tar éis d'iarratas ar athbhreithniú inmheánach a fháil.

Ba chóir duit d'achomharc a thíolacadh i scríbhinn go díreach d’Oifig an Choimisinéara Faisnéise.  Tá sonraí teagmhála ar fáil sa rannán Déan teagmháil linn.

An bhféadfaidh tú achomharc a dhéanamh ar chinneadh an athbhreithnithe inmheánaigh?

Féadann. Féadfaidh tú athbhreithniú neamhspleách a lorg ó Oifig an Choimisinéara Faisnéise taobh istigh de shé mhí ón gcinneadh a fháil, sa chás:

  • nach bhfuil tú sásta le cinneadh an athbhreithnithe inmheánaigh,
  • mura bhfuair tú freagra ar d'iarratas ar athbhreithniú inmheánach uainn taobh istigh de 15 lá oibre. Measann an tAcht gur diúltú é seo.

Ba chóir duit d'achomharc a thíolacadh i scríbhinn go díreach d'Oifig an Choimisinéara Faisnéise.

Ar aghaidh: Fiosruithe faoi Shaoráil Faisnéise