Saoráil Faisnéise sna Coimisinéirí Ioncaim

An bhfuil iarratas Saoráil Faisnéise riachtanach i gcónaí?

Níl. Féadfaidh sé go bhfuil na taifid atá á lorg agat ar fáil cheana féin. Mar shampla, féadtar teacht ar chuid de do thaifead ach iad a iarraidh ó d'oifig cánach nó trí sheirbhísí ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim. Tá sonraí teagmhála ar fáil sa rannán Déan teagmháil linn.

Is é polasaí na gCoimisinéirí Ioncaim ná an oiread eolais agus is féidir a chur ar fáil taobh amuigh den phróiseas um Shaoráil Faisnéise. Ceadaíonn an tAcht um Shaoráil Faisnéise rochtain a fháil ar thaifid nach bhfuil ar fáil de ghnáth trí fhoinsí eile.

Cuireann scéim foilseacháin Saorála Faisnéise na gCoimisinéirí Ioncaim, mar a éilítear faoi Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéiseeolas atá ar fáil go rialta ar fáil. Ina theannta sin, tá réimse leathain eolais le fáil ar ár suíomh idirlín.

 

Ar aghaidh: An scaoilfidh na Coimisinéirí Ioncaim leis an bhfaisnéis uile a iarrann tú?