An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil
Oifigigh ainmnithe
De réir an Achta, leagtar amach thíos ainmneacha, gráid agus sonraí gairide faoi ról nó freagrachtaí na 'nOifigeach Ainmnithe Poiblí' in Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.
Ard-Rúnaithe
Niall Cody, Cathaoirleach
Is é Niall Cody Cathaoirleach Bhord na gCoimisinéirí Ioncaim agus is é freisin Oifigeach Cuntasaíochta na gCoimisinéirí Ioncaim. Tuairiscíonn Rannóg na Seirbhísí Corparáideacha agus na ceithre Rannóg Seirbhísí Reachtaíochta de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim go díreach don Chathaoirleach.
Liam Irwin, Coimisinéir
Is comhalta ar Bhord na gCoimisinéirí Ioncaim é Liam Irwin. Tuairiscíonn sé (6) rannóg go díreach don Choimisinéir Irwin, is iad sin Rannóg an Ard-Bhailitheora, Rannóg na nGnóthaí Corparáideacha agus Custam, Rannóg na Faisnéise, Theicneolaíocht na Cumarsáide agus na Lóistíochta, Rannóg na gCásanna Móra agus Rannóg Dhlíodóir na gCoimisinéirí Ioncaim agus na nImscrúduithe agus na nIonchúiseamh.
Gerry Harrahill, Coimisinéir
Is comhalta ar Bhord na gCoimisinéirí Ioncaim é Gerry Harrahill. Tuairiscíonn rannóg amháin agus ceithre Réigiún de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim go díreach don Choimisinéir Harrahill, is iad sin an Rannóg Pleanála, Réigiún na Teorann, Lár Tíre agus an Iarthair, Réigiún Bhaile Átha Cliath, Réigiún an Oirthir agus an Oirdheiscirt, agus Réigiún an Iardheiscirt.
Rúnaithe Cúnta nó Gráid Choibhéiseacha
Paul Dempsey, Rannóg na Seirbhísí Corparáideacha agus an Ard-Bhailitheora
Tá Paul Dempsey freagrach as straitéisí bainistíochta acmhainní daonna na gCoimisinéirí Ioncaim, san áireamh pleanáil an fhórsa saothair, earcaíocht, forbairt oiliúna agus cumais, bainistíocht airgeadais agus faisnéise, athchóiriú corparáideach agus feidhmeanna iniúchóireachta inmheánaí. Tá sé freagrach freisin as cuntasaíocht agus tuairisciú gach cánach agus dleachta a bhailíonn na Coimisinéirí Ioncaim, chomh maith le feidhmeanna baincéireachta bainteacha.
Eamonn O’Dea, Rannóg na gCánacha Idirnáisiúnta
Tá Eamonn O’Dea freagrach as caidreamh gníomhach leis an Aontas Eorpach (AE) agus leis an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD) i dtaca le cánacha díreacha, lena n-áirítear rannpháirtíocht agus freagraí cuí i dtaca le tionscadal an OECD/G20 ar Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brábús (BEPS); an líonra conartha cánach in Éirinn a leathnú agus a thabhairt suas chun dáta; idirbheartaíochtaí le húdaráis eile chánach, in éineacht le rannpháirtíocht i bhforbairt beartais OECD agus AE ar phraghsáil aistrithe, ar idirbheartaíochtaí iad atá bainteach le nósanna imeachta um chomhaontuithe frithpháirteacha (MAP) agus comhaontuithe réamhphraghsála (APA) cás-sonracha agus bainteach le praghsáil aistrithe; agus cinntiú go léirítear na Coimisinéirí Ioncaim i mbun faisnéis a bhaineann le cáiníocóirí a sholáthar, agus a fháil de réir comhaontuithe malartaithe faisnéise (EOI).
Brian Boyle, Rannóg an Bheartais agus na Reachtaíochta Cánach Pearsanta
Tá Brian Boyle freagrach as forbairt an bheartais cánach pearsanta agus na gcánacha caipitiúil ag leibhéal náisiúnta agus AE, agus tá sé freagrach freisin as feidhmeanna beartais, reachtaíochta agus léirmhínithe a bhainistiú le haghaidh cánacha pearsanta agus caipitiúla (gan cáin ghnóthachan caipitiúil san áireamh).
Gerry Howard, Rannóg an Bheartais agus na Reachtaíochta Cánacha Gnó
Tá Gerry Howard freagrach as na feidhmeanna beartais, reachtaíochta agus léirmhínithe le haghaidh cáin ghnóthachan caipitiúil (CGT), cáin chorparáide, dreasachtaí, seirbhísí airgeadais agus cánacha eile gnó.
Gerard Moran, Rannóg an Bheartais agus na Reachtaíochta Cánacha Indíreacha
Tá Gerard Moran freagrach as beartas indíreach cánach a fhorbairt ag leibhéal náisiúnta agus AE agus as riarachán éifeachtach agus éifeachtúil a chinntiú don Cháin Bhreisluacha, don mhál agus don Cháin Cláraithe Feithiclí (CCF).
Michael Gladney, Rannóg an Ard-Bhailitheora
Tá Michael Gladney freagrach as mórchánacha a bhailiú agus a lóisteáil. Tá sé freagrach freisin as feidhmiú na gclár bainistíochta fiachais, san áireamh idirghabhálacha cuí chun comhlíontacht thráthúil a uasmhéadú agus chun gníomh forfheidhmithe a thógáil i gcoinne iad siúd a mhainníonn bheith comhlíontach.
Tony Buckley, Rannóg na nGnóthaí Corparáideacha agus Custam
Tá Tony Buckley freagrach as feidhmeanna beartais, reachtaíochta agus feidhmeanna idirnáisiúnta a fhorbairt le haghaidh custam. Tá sé freagrach freisin as straitéis chorparáideach, tomhas agus tuairisciú feidhmíochta, cumarsáid agus staitisticí agus feidhmeanna taighde eacnamaíochta na gCoimisinéirí Ioncaim a fhorbairt.
John Barron, Rannóg na Faisnéise, Theicneolaíocht na Cumarsáide agus na Lóistíochta
Tá John Barron freagrach as cumas a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim a spriocanna straitéiseacha gnó a bhaint amach trí sheirbhísí faisnéise agus teicneolaíochta cumarsáide a sholáthar atá slán, iontaofa agus ar ardchaighdeán, agus tríd an nuálaíocht, solúbthacht agus dul chun cinn sa teicneolaíocht. Tá sé freagrach freisin as seirbhísí lóistíochta a bhainistiú agus a soláthar atá lárnach i reáchtáil na hoibre sna Coimisinéirí Ioncaim.
Eugene Creighton, Rannóg na gCásanna Móra
Tá Eugene Creighton freagrach as feidhmeanna seirbhíse, comhlíontachta agus iniúchóireachta a bhainistiú agus a fhorbairt a bhaineann leis na gnóthaí is mó agus na daoine aonair is rachmasaí sa Stát, agus as cur i gcoinne idirbheartaíochtaí seachanta cánach ag baint úsáide as an Riail Ghinearálta in aghaidh Seachaint Cánach.
Marie-Claire Maney, Rannóg Dhlíodóir na gCoimisinéirí Ioncaim agus Rannóg na nImscrúduithe agus na nIonchúiseamh
Tá Marie-Claire Maney freagrach as seirbhísí cuimsitheacha tacaíochta dlí a sholáthar do na Coimisinéirí Ioncaim i dtaca le dlíthíocht agus achomhairc agus i dtaca le cionta coiriúla a ionchúiseamh. Tá sí freagrach freisin as gníomhaíochtaí imscrúdaithe agus ionchúisimh na gCoimisinéirí Ioncaim a bhainistiú, a fhorbairt agus a chomhordú.
Declan Rigney, An Rannán Pleanála
Tá Declan Rigney freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fhorbairt agus ar fheidhmiú beartais oibríochtúla nuálacha in éineacht le próisis cumasaithe nua gnó a dhearadh. Déanann sé freisin meastóireacht ar chláir agus ar fheidhmíocht oibríochta.
Joe Howley, Réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair (BMW)
Tá Joe Howley freagrach as feidhmeanna seirbhíse agus comhlíontacht riosca-bhunaithe a bhainistiú agus a fhorbairt a bhaineann le custaiméirí a bhfuil cónaí orthu sa Réigiún BMW, nó gnóthaí atá á mbainistiú agus á rialú sa Réigiún BMW. Tá sé freagrach freisin as rialuithe custam a fheidhmiú i Réigiún na Teorann, Lár Tíre agus an Iarthair agus as feidhmeanna naisiúnta i Lár-Oifig na nAisíocaíochtaí (Muineachán), Oifig VIMA (Dún Dealgan), deasc chabhrach ROS (Caisleán an Bharraigh), agus an Oifig Naisiúnta Ionchúiseamh agus Urghabhálacha (Ceann an Droichid, Dún na nGall).
Philip Brennan, Réigiún Bhaile Átha Cliath
Tá Philip Brennan freagrach as feidhmeanna seirbhísí do chustaiméirí agus feidhmeanna comhlíontachta cánach agus dleachta riosca-bhunaithe a bhainistiú agus a fhorbairt i Réigiún Bhaile Átha Cliath, lena n-áirítear rialuithe custam a fheidhmiú in Aerfort Bhaile Átha Cliath, Port Bhaile Átha Cliath agus riar na hOifige Naisiúnta Dleachta Stampála.
Breda Ruddle, Réigiún an Oirthir agus an Oirdheiscirt (ESE)
Tá Breda Ruddle freagrach as feidhmeanna seirbhíse, comhlíontachta agus iniúchóireachta a bhainistiú agus a fhorbairt i dtaca le custaiméirí a bhfuil cónaí orthu i Réigiún an Oirthir agus an Oirdheiscirt agus do ghnóthaí atá á mbainistiú agus á rialú sa Réigiún céanna. Tá sí freagrach freisin as an Lár-Oifig Feithiclí, an Oifig Náisiúnta Ceadúnais Máil, Ionad Poist Phort Laoise agus Ionad Poist Bhaile Átha Cliath.
Charles Phelan, Réigiún an Iardheiscirt
Tá Charles Phelan freagrach as feidhmeanna seirbhísí do chustaiméirí agus feidhmeanna comhlíontachta cánach agus dleachta riosca-bhunaithe i Réigiún an Iardheiscirt, lena n-áirítear freagracht náisiúnta as an Aonad Muirí agus an Fhoireann Cuardaigh Domhain.
Charles Phelan, Réigiún an Iardheiscirt
Tá sé freagrach as feidhmeanna seirbhísí do chustaiméirí agus feidhmeanna comhlíontachta cánach agus dleachta riosca-bhunaithe i Réigiún an Iardheiscirt, lena n-áirítear freagracht náisiúnta as an Aonad Muirí agus an Fhoireann Cuardaigh Domhain.