An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil
Léargas ginearálta
Is é cuspóir an Achta um Brústocaireacht a Rialáil, 2015 ná foráil a dhéanamh do Chlár Brústocaireachta ar líne chun eolas a chur ar fáil don phobal maidir le haitheantas na ndaoine a dhéanann cumarsáid le hoifigigh ainmnithe phoiblí i dtaca le beartais shonracha, ábhair reachtaíochta, nó cinntí féideartha.
Treoir
Tá ról ag an gCoimisiún um Chaighdeáin faoin reachtaíocht treoir agus faisnéis a eisiúint agus tuiscint ar an reachtaíocht a chur chun cinn. Tá treoir foilsithe ag an gCoimisiún um Chaighdeáin, i gcomhar leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, maidir leis an Acht um Brústocaireacht a Rialáil d’Oifigigh Ainmnithe Poiblí.
Tá tuilleadh eolais i dtaca leis an reachtaíocht, chomh maith le tuilleadh treorach ar an Acht, ar fáil ar an suíomh idirlín um Brústocaireacht a Rialáil. Féadfar tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaighdeáin ag info@lobbying.ie nó ag (01) 639 5722.
Ar aghaidh: Oifigigh ainmnithe