Clár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil Iontaobhas

Faoin reachtaíocht um fhrithsciúradh airgid, iarrtar ar gach Ballstát den Aontas Eorpach Clár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil Iontaobhas (CLÚTI) a bhunú.

Is é cuspóir CLÚTI cúnamh a thabhairt le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc trí thrédhearcacht a fheabhsú maidir le cé leo iontaobhais Éireannacha agus cé a rialaíonn iad.

Beidh sonraí maidir le iontaobhais chuí agus a n-úinéirí tairbhiúla in CLÚTI. Caithfidh iontaobhaithe na sonraí seo a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim, a dhéanfaidh an CLÚTI a bhainistiú. Tá eolas ar fáil ar an gcaoi le clárú sa rannán Cén chaoi le clárú le haghaidh CLÚTI.

Tabhair do d’aire

Tá ról na gCoimisinéirí Ioncaim i mbainistiú CLÚTI ar leithligh óna ról sa riarachán cánach agus
custam. Ní úsáidfear taifid na gCoimisinéirí Ioncaim chun an clár a thabhairt cothrom le dáta. Is clár aonair é an CLÚTI agus tabharfar uimhir Chlár Iontaobhais ar leithligh do gach iontaobhas.

An Cláraitheoir

Tá An tUasal Patrick O’Connor ceaptha ag na Coimisinéirí Ioncaim mar Chláraitheoir. Tá roinnt Cláraitheoir Cúnta ag tabhairt tacaíocht don Chláraitheoir.

Spriocdháta clárúcháin

Tabhair do d'aire

Tá iontaobhaoithe faoi cheangal dlíthiúil chun eolas faoi úinéireacht thairbhiúil a chlárú lastigh de sé mhí ó bhunú an iontaobhais. 

 

I gcás iontaobhais a bunaíodh ar an 23 Aibreán 2021 nó dá éis, ba ea an 23 Deireadh Fómhair 2021 an spriocdháta chun clárú.

 Chuaigh na Coimisinéirí mbun oibre le comhlachtaí proifisiúnta agus ionadaíocha agus an CLÚTI á bhunú acu. Tar éis an spriocdháta i Meán Fómhair 2021, d'aithin na Coimisinéirí Ioncaim go raibh deacrachtaí ag roinnt de na hointaobhaithe agus iad ag iarraidh iad féin a chlárú faoin spriocdháta. Ghlac na Coimisinéirí Ioncaim i ndiadh an spriocdháta le haghaidh tréimhse réasúnach ama nuair a bhí le feiceáil go raibh an t-iontaobhaí ag déanamh a sheacht ndícheall. Tá an 'tréimhse réasúnach ama' céanna in éag ó shin. 

Tá clár gníomhaíochtaí comhlíontachta a bheidh ag díriú ar chaighdeán tíolacadh sonraí idir lámha. Tá na Coimisinéirí Ioncaim ag cur clár le chéile chun súil a chaitheamh ar na rannón ina mbíonn iontaobhais á n-úsáid go coitianta le comhlíontacht um dualgais tíolacáin a chinntiú, lena n-áirítear an earnáil airgeadais, spóirt, agus chatharnúil

Tá tuilleadh eolais maidir leis na hiontaobhais ar chór clárú sa rannán Iontaobhais is gá clárú agus díolúintí áirithe.

Tá eolas ar cé a mbeidh rochtain aige ar an CLÚTÍ, agus cén fáth, sa rannán CLÚTI.

Reachtaíocht Chuí

An reachtaíocht a bhaineann go sonrach le CLÚTI ná: