Iontaobhais is gá clárú agus díolúintí áirithe

Léargas ginearálta

Ní mór d’iontaobhais chuí faisnéis a thíolacadh don Chlár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil Iontaobhas (CLÚTI) sna cásanna seo:

  • go bhfuil na hiontaobhaithe cónaitheach sa stát
  • go bhfuil an t-iontaobhas á riar sa stát.

Is éard is iontaobhas cuí ann ná iontaobhas sainráite bunaithe le gníomhas nó dearbhú eile i scríbhinn.

Tabhair do d'aire

Is éard atá i gceist le hiontaobhas sainráite ná iontaobhas a cruthaítear i dtéarmaí sainráite, seachas ó cheann infeirithe ag an dlí mar gheall ar iompair nó gnóthaíochta na gcomhpháirtithe.

Ar aghaidh: Clubanna spóirt, carthanais agus eastáit