Iontaobhais is gá clárú agus díolúintí áirithe

Neamhchónaitheoirí

I gcás iontaobhais nach bhfuil aon duine de na hiontaobhaithe cónaitheach san Aontas Eorpach (AE) agus an t-iontaobhas gan a bheith á riaradh san AE, ní mór dóibh clárú le CLÚTI má tá an méid seo a leanas i gceist leo:

  • má dhéanann iontaobhaí caidreamh gnó sa Stát thar ceann an iontaobhais
  • má fhaigheann iontaobhaí talamh nó réadmhaoin eile sa Stát in ainm an iontaobhais.

Beidh feidhm aige seo chomh fada agus atá an méid seo i gceist:

  • go bhfuil an caidreamh gnó ann
  • go leanann an talamh nó an mhaoin de bheith i seilbh iontaobhaí in ainm an iontaobhais.

Tabhair do d’aire

Ciallaíonn 'caidreamh gnó' caidreamh gnó, gairmiúil nó tráchtála idir an duine ainmnithe, chun críocha frithsciúradh airgid, agus a chustaiméir. Ní mór don duine ainmnithe a bheith ag súil leis go leanfaidh an caidreamh seo ar aghaidh.

Ní mór d'iontaobhaithe nach bhfuil cónaitheach san AE ach go bhfuil caidreamh gnó nó maoin acu i níos mó ná Ballstát amháin deimhniú a fháil ón gCláraitheoir i mBallstát eile sna cásanna seo:

  • go ndéanann iontaobhaí caidreamh gnó sa Stát thar ceann an iontaobhais
  • go bhfaigheann iontaobhaí talamh nó réadmhaoin eile in Éirinn in ainm an iontaobhais
  • agus
  • go dtíolacann an t-iontaobhaí an fhaisnéis ar Chlár Lárnach i mBallstát eile
  • agus
  • go bhfuil an fhaisnéis mar an gcéanna leis an méid a éilítear a thíolacadh ar CLÚTI (seachas an UPSP).

Tabhair do d'aire

Ba chóir go sonródh an deimhniú go bhfuil an t-eolas tíolactha ag an iontaobhaí ar Chlár Iontaobhais an Bhallstáit sin.

Ní mór go mbeadh an deimhniú ar fáil lena scrúdú.

Ar aghaidh: Socruithe eisiata