Iontaobhais is gá clárú agus díolúintí áirithe

Ballstáit iomadúla

Ní mór d'iontaobhais a thagann faoi raon feidhme Chlár Iontaobhais na hÉireann deimhniú a fháil ón gCláraitheoir i mBallstát eile sa chás go bhfuil an méid seo i gceist leis an iontaobhas cuí:

  • má tá sé á riar i níos mó ná Ballstát amháin
  • má tá beirt nó níos mó de na hiontaobhaithe ina gcónaí i mBallstát eile
  • agus
  • má tá an t-iontaobhaí tar éis tíolacadh ar Chlár Lárnach i mBallstát eile
  • agus
  • go bhfuil an fhaisnéis mar an gcéanna leis an méid a éilítear a thíolacadh ar CLÚTI (seachas an UPSP).

Tabhair do d'aire

Ba chóir go sonródh an deimhniú go bhfuil an t-eolas tíolactha ag an iontaobhaí ar Chlár Iontaobhais an Bhallstáit sin.

Ní mór go mbeadh an deimhniú ar fáil lena scrúdú.

Ar aghaidh: Neamhchónaitheoirí