Iontaobhais is gá clárú agus díolúintí áirithe

Clubanna spóirt, carthanais agus eastáit

Sainmhínítear go sonrach na húinéirí tairbhiúla do chlubanna spóirt, carthanais agus eastáit.

Clubanna spóirt

Ní mór d’iontaobhais chuí a cruthaíodh chun sócmhainní Comhlachta Cheadaithe Spóirt a shealbhú faoi Alt 235 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 clárú leis an gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil Iontaobhas (CLÚTI).

Is iad na húinéirí tairbhiúla ná:

  • na hiontaobhaithe
  • an coiste nó comhlacht rialaithe eile an chlub
  • aon duine aonair eile a bhfuil smacht acu ar an iontaobhas.

Carthanais

Ní mór d’iontaobhais chuí, ar iontaobhais charthanúla iad faoi Alt 2 den Acht Carthanas, 2009, clárú le CLÚTI.

Is iad na húinéirí tairbhiúla ná:

  • na hiontaobhaithe
  • an coiste nó comhlacht rialaithe eile an iontaobhais charthanúil
  • aon duine aonair a bhfuil smacht acu ar an iontaobhas carthanúil.

Tabhair do d'aire

Ní thagann carthanas taobh istigh de scóp an CLÚTI nuair is cuideachta é an carthanas agus nach bhfuil iontaobhas cuí ann. Ciallaíonn sé seo nach raibh aon iontaobhas sainráite bunaithe ag gníomhas nó ag dearbhú.

Eastáit

Ní thagann iontaobhas uachta (iontaobhas cruthaithe ag uacht bailí) de bheith ina iontaobhas cuí chun críche CLÚTI ach amháin nuair atá an méid seo a leanas i gceist:

  • go bhfuil an t-eastát riartha
  • agus
  • go bhfuil an t-iontaobhas bunaithe.

Ní fhéadtar ábhar an iontaobhais a aithint le cinnteacht go dtí sin.

Tar éis riar an eastáit a thabhairt chun críche, ní mór sonraí úinéireachta thairbhiúil an iontaobhais uachta a chlárú ar an CLÚTI.

Ar aghaidh: Ballstáit iomadúla