Cén chaoi le clárú ar an CLÚTI

Féadfaidh iontaobhaithe nó a ngníomhairí, a gcomhairleoirí nó a bhfostaithe) clárú ar an tairseach ‘Feidhmeanna Chlár na nIontaobhas’ ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Féadann tíolacóirí aonair nach bhfuil uimhir chlárúcháin cánach gnó acu clárú trí 'Feidhmeanna Chlár na nIontabhas' sa rannán 'Bainistigh Mo Thaifead' ar moChúrsaí.

Tá tuilleadh eolais faoi na rudaí is gá a thíolacadh don Chlár Clár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil Iontaobhas (CLÚTI) ar fáil sa rannán Cén fhaisnéis atá ag teastáil don CLÚTI

Riachtanas chun clárú le haghaidh ROS

Ní mór don iontaobhas clárú ar ROS má bhaineann aon cheann díobh seo a leanas le húinéir thairbhiúil an iontaobhais:

Ní mór don iontaobhas a bheith cláraithe ar ROS chun doiciméid fíoraithe a uaslódáil a éascú.

Iarrfar ar iontaobhas is gá clárú le haghaidh ROS TAIN do CLÚTI a fháil chun tús a chur leis an bpróiseas clárúcháin.

Gníomhairí agus comhairleoirí

Ní mór do ghníomhairí nó do chomhairleoirí atá ag gníomhú i gcáil ionadaíoch Foirm um Nasc TAIN do CLÚTI a thíolacadh ar ROS.

Tabhair do d'aire

Iarrfar an Nasc le TAIN ag tráth an chlárúcháin ar ROS. Ní gá duit an fhoirm seo a thíolacadh roimh an bpróiseas clárúcháin.

Ní mór do ghníomhairí nó do chomhairleoirí nach bhfuil cláraithe le haghaidh ROS uimhir TAIN le haghaidh Clár Iontaobhais a fháil roimh chlárú ar ROS. Chun TAIN don Chlár Iontaobhais a fháil, ní mór duit foirm iarratais TAIN do CLÚTI a chomhlánú.