Cén fhaisnéis atá ag teastáil don CLÚTI

Ní mór d’iontaobhaithe faisnéis maidir le gach úinéir tairbhiúil den iontaobhas a thíolacadh.

Is éard is úinéir tairbhiúil ann ná duine nádúrtha agus tá sonraí ar úinéirí aonaracha tairbhiúla ar iontaobhas ag teastáil ar an gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil Iontaobhas (CLÚTI).

Is úinéir tairbhiúil aon cheann díobh seo a leanas:

  • aon duine aonair atá i dteideal leas dílsithe san iontaobhas
  • aicme tairbhithe, amhail iontaobhas a bunaíodh chun leasa grúpa tairbhithe
  • aon duine aonair a bhfuil smacht acu ar an iontaobhas
  • an socraitheoir
  • an t-iontaobhaí
  • an cosantóir.

Tabhair do d'aire

Má tá aon amhras ort faoi cé acu an bhfuil nó nach bhfuil tú i d’úinéir tairbhiúil ar iontaobhas, ba chóir duit comhairle ghairmiúil a lorg.

Faisnéis atá le tíolacadh i ndáil le húinéirí tairbhiúla

I measc an eolais atá le tíolacadh i ndail le gach Úinéir tairbhiúil, tá:

  • ainm
  • seoladh
  • dáta breithe
  • Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP)
  • náisiúntacht
  • tír cónaitheachta
  • ráiteas faoi chineál agus méid an leasa atá i seilbh, nó an rialú á fheidhmiú
  • an dáta a cuireadh iad isteach ar chlár iontaobhais inmheánach mar úinéir tairbhiúil
  • dáta scoir mar úinéir tairbhiúil.

Mura bhfuil UPSP ag an duine aonair ní mór dóibh cruthúnas ar cheann amháin díobh seo a leanas a sholáthar agus a uaslódáil:

  • uimhir cláraithe cánach coigríche
  • uimhir phas
  • uimhir aitheantais náisiúnta.

Tabhair do d’aire

Ní mór cineálacha aitheantais suas chun dáta a úsáid agus a chothabháil do gach clárúchán CLÚTI.

Mar shampla, nuair a dhéantar athnuachan ar phas, ní mór na sonraí a nuashonrú ar CLÚTI.Féadann tú cóip den phas nua a thíolacadh trí M’Fhiosruithe in éineacht le sonraí an Uimhir Chlár Iontaobhais agus sonraí na nÚinéirí Tairbhiúla.

Ní mór do chóipeanna leictreonacha a bheith i bhfoirm tif, tiff, nó i bhfoirm pdf agus a bheith níos lú ná cúig mheigeavata ar a mhéid.

Úinéireacht thairbhiúil ar eintitis dhlíthiúla

Is iad an duine nó na daoine nádúrtha a bhfuil úinéireacht acu nó a bhfuil rialú acu ar eintiteas dlíthiúil atá mar úinéirí tairbhiúla. Ní fhéadann eintiteas dlíthiúil bheith ina úinéir tairbhiúil. 

Féadfaidh sé gur cuireadh eolas ar úinéireacht thairbhiúil an eintitis dhlíthiúil ar fáil ar Chlár Lárnach eile. Más ea, féadann an t-iontaobhaí cros-tagairt a dhéanamh leis an gclár eile.

Féach ar shuíomh idirlín an RBO le haghaidh tuilleadh eolais ar úinéirí thairbhiúla ar eintitis dhlíthiúla a aithint.

Nuair nach bhfuil sonraí ar úinéireacht thairbhiúil an eintitis dhlíthiúil ar chlár lárnach eile 

Tá na sonraí seo a leanas ag teastáil:

  • ainm an eintitis dhlíthiúil
  • seoladh cláraithe an eintitis dhlíthiúil
  • ráiteas faoi chineál agus méid an leasa atá i seilbh, nó an rialú á fheidhmiú, i ndáil leis an iontaobhas cuí.

Tar éis don eintiteas dlíthiúil gaol a dhéanamh leis an iontaobhas, féadtar cineál úinéara thairbhiúil an ‘duine nádúrtha eile a bhfuil rialú éifeachtach á fheidhmiú acu’ a roghnú ar an CLÚTI. Leis seo, féadfaidh tú sonraí ar úinéirí aonaracha tairbhiúla ar an eintiteas dlíthiúil sin a chun ar fáil.

Tabhair do d'aire

Ní mór duit sonraí úinéireachta aonair thairbhiúil an eintitis dhlíthiúil a chur ar fáil nuair atá an méid seo a leanas i gceist leis an eintiteas dlíthiúil:

  • tairbhí
  • iontaobhaí
  • socraitheoir
  • cosantóir
  • go bhfuil an iontaobhas á rialú acu.

Nuair atá sonraí ar Úinéireacht Thairbhiúil an Eintitis Dhlíthiúil ar Chlár Lárnach eile

Tá na sonraí seo a leanas ag teastáil:

  • ainm an eintitis dhlíthiúil
  • seoladh cláraithe an eintitis dhlíthiúil
  • ráiteas faoi chineál agus méid an leasa atá i seilbh, nó an rialú á fheidhmiú, i ndáil leis an iontaobhas cuí
  • uimhir tíolactha ar an gClár Lárnach eile
  • agus
  • ainm an chláir ar a bhfuil siad cláraithe cheana féin.

Tabhair do d'aire

Is éard é an uimhir CRO ná an uimhir tíolactha chuí d’eintitis dlíthiúla atá cláraithe ar an Central Register of Beneficial Ownership of Companies and Industrial and Provident Societies (RBO).

I gcás eintitis dlíthiúla atá cláraithe ar Chlár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil Ghléas Éireannach um Chomhbhainistiú Sócmhainní, Comhair Chreidmheasa agus Áirithe Iontaobhais, ní gá dóibh tagairt a chur ar fail ar an CLÚTI. Tá ainm an chlár seo fós ag teastáil, áfach. 

Céard atá i gceist le cineál agus méid an leasa atá i seilbh?

Is é cineál an leasa atá ag duine ná a ról san iontaobhas, mar iontaobhaí mar shampla.

Taispeántar méid an leasa a shealbhaítear tríd an méid seo a léiriú:

  • an é an t-aon tairbhí amháin é an duine
  • an duine de thairbhithe éagsúla é an duine
  • agus
  • má tá siad i dteideal sciar comhionann de shócmhainní an iontaobhais céatadán faoi leith.

Céard atá i gceist le cineál agus méid an rialaithe á fheidhmiú?

Tá an méid seo a leanas i gceist le rialú a fheidhmiú:

  • cumhacht duine a chur leis nó a bhaint mar thairbhí
  • cumhacht iontaobhaithe a cheapadh nó a bhaint
  • cumhacht an mhaoin iontaobhais a dhiúscairt nó a infheistiú.