Céard é an Córas Iompórtála Uathoibríoch (CIU)?

Léargas ginearálta

Is é an Córas Iompórtála Uathoibríoch (CIU) córas náisiúnta iompórtála leictreonach na gCoimisinéirí Ioncaim. Láimhseálann an CIU bailíochtú, próiseáil, cuntasaíocht dleachta agus imréiteach dearbhuithe custam.

Tá an CIU mar chuid de shraith córais nua atá á dtabhairt isteach ag na Coimisinéirí Ioncaim mar chuid den chlár oibre TF. Rinne an CIU an méid seo a leanas:

  • tháinig sé in áit na gcóras Próiseála Uathoibríoch Iontrála (AEP) agus Lastliosta Leictreonaigh le haghaidh iompórtálacha
  • agus
  • cinntigh sé go bhféadann gnóthaí earraí a iompórtáil go dlíthiúil ó thaobh amuigh den Aontas Eorpach (AE) ag baint úsáid as an bpróiseas is éifeachtaí gur féidir a úsáid.

Ar aghaidh: An chaoi le do ghnó a shocrú suas chun CIU a úsáid