Céard é an Córas Iompórtála Uathoibríoch (CIU)?

An chaoi le do ghnó a shocrú suas chun CIU a úsáid

Bogearraí Custam

Féadfaidh tú:

  • do bhogearraí custam féin atá forbartha go hinmheánach agus a bhfuil tacaíocht inmheánach agat dóibh a úsáid
  • bogearraí custam curtha ar fáil ag soláthraí córas seachtrach 

I ngach cás, ní mór duit a chinntiú:

  • go bhféadann na bogearraí custaim atá á n-úsáid agat dul i ngleic le CIU
  • agus
  • go bhfuil tuiscint ag d’fhoireann ar ábhar agus ar struchtúr na dearbhuithe agus na cineálacha teachtaireachta.

Sa chás go roghnaíonn tú úsáid a bhaint as gníomhaire custam

Má fhostaíonn tú gníomhaire custaim chun do gnásanna iompórtála custaim a bhainistiú, ba chóir duit a chinntiú go bhfuill bogearraí do ghníomhaire in ann dul i ngleic le CIU.

Eolas do sholáthraithe bogearraí

Tá eolas cuimsitheach CIU curtha ar fáil ag na Coimisinéirí Ioncaim do sholáthraithe bogearraí a chabhróidh leo ullmhú don CIU. Léirítear na sonraí maidir leis an gcóras TF in:

Ar aghaidh: Céard atá tar éis athrú faoin CIU?