Oibreoirí Eacnamaíochta Údaraithe (oibreoirí OEÚ)

Céard is oibreoirí OEÚ ann?

Is éard is stádas OEÚ ann ná údarú caighdeánach deimhnithe eisithe ag córais riartha custam san Aontas Eorpach (AE). Leis an stádas seo, deimhnítear go bhfuil caighdeáin áirithe bainte amach ag oibreoir eacnamaíochta i ndáil leis an méid seo:

  • sábháilteacht agus slándáil
  • córais chun taifid tráchtála a bhainistiú
  • comhlíontacht le rialacha custam
  • sócmhainneacht airgeadais
  • caighdeáin phraiticiúla inniúlachta nó cáilíochtaí gairmiúla.

Beart éascaithe trádála is ea seo go príomha agus aithníonn sé oibreoirí iontaofa agus spreagann sé dea-chleachtas sa slabhra soláthair idirnáisiúnta. Mar OEÚ, d’fhéadfá leas a bhaint as an méid seo:

  • aitheantas ar fud an domhain mar pháirtnéirí gnó atá sábháilte, slán agus comhlíontach ó thaobh trádáil idirnáisiúnta de
  • scóir riosca níos ísle i gcórais anailíse riosca ó thaobh próifíliú
  • déileáil tosaíochta má dhéantar rialuithe fisiceacha
  • aitheantas frithpháirteach ar chláir OEÚ faoi Chomhaontuithe um Chomhoibriú Frithpháirteach Custam, a bhféadfadh sé a bheith de thoradh air go ndéantar earraí a bhogadh níos tapúla trí theorainneacha tríú tíortha
  • rochtain níos éasca ar nósanna imeachta simplithe
  • ráthaíochtaí cuimsitheacha laghdaithe nó tarscaoilte.

Cé a fhéadann cur isteach ar stádas OEÚ?

Níl OEÚ éigeantach. Féadtar cur isteach ar stádas OEÚ más oibreoir eacnamaíochta atá bunaithe san AE thú agus go bhfuil tú:

  • mar chuid den slabhra soláthair idirnáisiúnta
  • agus
  • páirteach i ngníomhaíochtaí Custam.

Ní mór uimhir Aitheantais Clárúcháin Oibreora Eacnamaíochta (EORI) a bheith agat. Baineann na coinníollacha le haghaidh stádas OEÚ le gach gnó, is cuma méid an ghnó. Féadann déantúsóirí, easpórtálaithe, seoltóirí lasta, coimeádaithe trádstórais, gníomhairí imréitigh, iompróirí agus iompórtálaithe uile cur isteach ar stádas OEÚ.

Tá tuilleadh eolais faoi OEÚ ar fáil in:

Féadtar eolas a fháil sna treoirlínte seo faoi na riachtanais is gá a chomhlíonadh chun an stádas OEÚ a fháil. Doiciméad oibre is ea na treoirlínte OEÚ agus féadfaidh sé go dtiocfaidh athrú orthu amach anseo.

Cén chaoi le cur isteach ar stádas OEÚ

Comhlánaigh ceistneoir féinmheasúnaithe

Roimh chur isteach ar stádas OEÚ, ba chóir an self-assessment questionnaire seo a chomhlánú. Cabhróidh sé seo leat do chuid nósanna imeachta a mheasúnú agus cinntiú go gcomhlíonann siad na critéir le haghaidh OEÚ. Cabhróidh na explanatory notes for the self-assessment questionnaire leat an ceistneoir seo a chomhlánú.

Comhlánaigh iarratas le haghaidh deimhniú OEÚ

Má bhraitheann tú go gcomhlíonfaidh do ghnó na critéir seo, ba chóir duit iarratas ar dheimhniú OEÚ a chomhlánú agus d’iarratas a thíolacadh go leictreonach. Féadtar é seo a dhéanamh tríd an leathanach OEÚ ar shuíomh idirlín an Choimisiúin. Téigh chuig an rannán ar an gcaoi le hiarratas a dhéanamh agus cliceáil ar Thairseach Trádálaithe an AE i leith ríomh-OEÚ. Cinntigh go bhfuil feidhmchlár atá cláraithe le haghaidh ROS in úsáid agat agus tú ag fáil rochtana ar an tairseach.

Cé a dhéanfaidh d’iarratas ar OEÚ a mheasúnú?

Déanfaidh baill foirne na gCoimisinéirí Ioncaim an measúnú. Beidh cuairt ar an áitreabh clúdaithe ag an iarratas i gcónaí i gceist le measúnú.

Cáilíochtaí Gairmiúla a theastaíonn le haghaidh OEÚ

Maidir leis an gceanglas faoi Airteagal 39(d) de Chód Custam an Aontais agus Airteagal 27 d'Acht Cur Chun Feidhme Chód Custam an Aontais maidir leis na caighdeáin phraiticiúla inniúlachta agus na cáilíochta gairmiúla a theastaíonn chun Údarú AEO a dheonú, tugann na Coimisinéirí Ioncaim le fios gurb é Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann an ghníomhaireacht stáit atá freagrach as dearbhú cáilíochta seachtrach breisoideachais agus ardoideachais agus oiliúna in Éirinn.

Is é Clár Cáilíochtaí na hÉireann liosta na gcáilíochtaí oideachais agus oiliúna ar ardchaighdeán atá aitheanta ar Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann. Cuireann NARIC Ireland comhairle ar fáil maidir le haitheantas acadúil do cháilíocht eachtrach. Cuireann siad cáilíocht eachtrach i gcomparáid le cáilíocht Éireannach den chineál céanna agus den leibhéal céanna ar Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann (CNC).

Cuireann NARIC Ireland comhairle ar fáil maidir le cáilíochtaí acadúla eachtracha a aithint in Éirinn agus féadtar rochtain a fháil ar a mbunachar sonraí cáilíochtaí eachtracha ag NARIC Ireland Foreign Qualifications.

Tuilleadh eolais

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, déan teagmháil le:

  • Rannóg OEÚ na gCoimisinéirí Ioncaim ar aeo@revenue.ie, fón: 067-63103, 067 63305 nó 067-63235.