Córas um Chlárú agus Aithint Oibreoirí Eacnamaíochta (EORI)

Más oibreoir eacnamaíochta thú a dhéanann idirghníomhú le húdaráis custam in aon Bhallstát den Aontas Eorpach (AE), teastóidh uimhir EORI uait. Tá an uimhir seo bailí ar fud an AE. Is uimhir thagartha choitinn í le haghaidh idirghníomhú le húdaráis Custam de chuid aon Bhallstáit.

Tá sonraí ar an gcaoi chun clárú le haghaidh uimhir EORI ar fáil sa EORI Registration on ROS guide.

Tabhair do d’aire

Tá sé éigeantach Eircode (cód poist) a chur san áireamh i ngach clárúchán EORI (nua agus reatha) ionas nach ndiúltófar do dhearbhuithe.

Sula ndéantar iarratas ar uimhir EORI, beidh ort clárú le haghaidh Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Nuair a chláraíonn tú le haghaidh ROS, cuir d'Éirchód san áireamh sa réimse Eircode. Má tá tú cláraithe le haghaidh EORI cheana féin, cinntigh go bhfuil d'Éirchód san áireamh faoi do sheoladh oifigiúil ar an gcluaisín 'Próifíl' in ROS.

Féadtar uirlis bheag ríomh-Fhoghlama don EORI a íoslódáil ón European Commission website.

Ina theannta sin, féadtar féachaint ar an treoir físe seo ar an gcaoi le clárú don EORI.

Féadfaidh sé go raibh d'uimhir EORI ailínithe le d'uimhir Cánach Breisluacha (CBL) reatha. Rinneadh é seo go ginearálta d'oibreoirí eacnamaíocha a raibh clárúchán Custam agus Máil acu nuair a tugadh an EORI isteach in 2009.

Féadtar seiceáil an raibh tú cláraithe don EORI go huathoibríoch trí theacht ar an Economic Operators' Registration and Identification System (EORI). Ba chóir duit d’uimhir reatha CBL agus ‘IE’ roimhe, a chur isteach faoi ‘Bailíochtaigh uimhreacha EORI’.

Oibreoirí eacnamaíochta nach bhfuil bunaithe i gcríoch chustaim an AE

Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim EORI a chealú más rud é:

  • Nár úsáideadh é le sé mhí anuas.
  • Nach bhfuil aon fhianaise ann a thugann le fios gurb í Éirinn ina dtaisctear dearbhú Custam den chéad uair.
  • Nach n-iarrtar cinneadh Custam in Éirinn

Tuilleadh eolais

Tá líne chabhrach á hoibriú ag na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh fiosruithe faoin gcóras EORI.