Pionóis riaracháin

Má dhéanann tú earraí a iompórtáil nó a easpórtáil isteach chuig nó amach as an Aontas Eorpach (AE), ní mór duit cloí le rialacha agus nósanna imeachta éagsúla a ghabhann leis an trádáil seo. Féadtar eolas cuimsitheach faoi na rialacha agus nósanna imeachta seo a fháil in Trádálaithe agus gníomhairí Custam. 

Má loiceann tú cloí leis na dualgais shonracha faoi reachtaíocht an AE, féadfaidh sé go mbeidh tú faoi dhliteanas pionóis riaracháin a íoc.

Féadtar tuilleadh eolais ar phionóis riaracháin a fháil in Treoir bhreise.