CIU V2 (Aguisín Athbhreithnithe B) agus Imréiteach Láraithe Céim 1 agus Céim 2
Conas do ghnó a ullmhú do na hathruithe
Bogearraí Custam
Féadtar teachtaireachtaí (lena n-áirítear teachtaireachtaí CCI) a thíolacadh in CIU V2:
- trí do bhogearraí custam féin atá forbartha go hinmheánach agus a bhfuil tacaíocht inmheánach agat dóibh a úsáid
- nó
- trí bhogearraí custam curtha ar fáil ag soláthraí córas seachtrach.
Tá sé tábhachtach a bheith eolach maidir le:
- hábhar agus struchtúr na ndearbhuithe nua, lena n-áirítear na heilimintí sonraí
- cineálacha nua teachtaireachtaí agus liostaí cóid
- agus
- uimhreacha nua teachtaireachtaí.
Má fhostaíonn tú gníomhaire custaim chun do gnásanna custam a bhainistiú, ba chóir duit a chinntiú go bhfuill bogearraí do ghníomhaire in ann dul i ngleic leis an CIU V2.
Teachtaireacht thábhachtach
Mar thrádálaí, ba chóir duit do chuid ullmhúcháin a thosú go luath chun a bheith réidh do CIU V2. Tá sonraíochtaí foilsithe. Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le do sholáthraí bogearraí anois chun a chinntiú go ndéantar do chórais a nuashonrú.
Ar aghaidh: Cad a athróidh faoi uasghrádú CIU 2 agus tabhairt isteach CCI?