CIU V2 (Aguisín Athbhreithnithe B) agus Imréiteach Láraithe Céim 1 agus Céim 2
Léargas ginearálta
Tagraíonn CIU V1 don chóras iompórtála reatha a chloíonn le leagan 5.2 den EUCDM. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim CIU V1 a uasghrádú chun é a ailíniú go príomha le leagan 6.2 den EUCDM Aguisín B Athbreithnithe CIU V2. Tugann sé seo tacar sonraí agus struchtúr teachtaireachta nua isteach. Beidh Imréiteach Láraithe ag tráth na hIompórtála (CCI) Céim 1 agus Céim 2 á thabhairt isteach againn chomh maith.
Cuireann na hathruithe seo ár gcóras iompórtála leictreonach in oiriúint do na riachtanais dhlíthiúla atá leagtha síos sa Chód Custam an Aontais (CCA).
Tabhairt isteach Céim 1 agus Céim 2 den CCI
Leis seo, féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha atá údaraithe le haghaidh CCI earraí a dhearbhú i mBallstát amháin den Aontas Eorpach (AE) (Ballstát Maoirseachta). Féadtar na hearraí seo a iompórtáil go fisiciúil isteach i mBallstát éagsúil AE (Ballstát Rannpháirteach).
Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoi CCI agus faoin gcaoi le hiarratas a dhéanamh faoi Imréiteach Láraithe.
Sceideal eisiúna
Tabharfar isteach CIU V2 i dhá chéim mar seo a leanas:
- Cuid 1 - CCI Céimeanna 1 agus 2 curtha chun feidhme ar 31 Nollaig 2025
- agus
- Cuid 2 - Tacar sonraí nua agus teachaireachtaí nua CIU V2 (ailínithe le hAguisín B Athbhreithnithe den CCA) le cur i bhfeidhm ar 30 Meitheamh 2026.
Tabhair do d'aire
Beidh idirthréimhse trí mhí ann chun trádáil a aistriú ó CIU V1 go CIU V2. Ón 1 Deireadh Fómhair 2026, ní bheidh sé indéanta CIU V1 a úsáid a thuilleadh chun dearbhuithe iompórtála a phróiseáil.
Dátaí tábhachtacha
Ba cheart do thrádálaithe agus do sholáthraithe bogearraí na dátaí tábhachtacha seo a leanas a thabhairt faoi deara:
- Sonraíochtaí Trádálaithe - Foilsíodh den chéad uair i Meitheamh 2023 agus nuashonraítear iad go rialta.
- Tá Timpeallacht Tástála Chomhéadain Phoiblí (PIT) do CCI agus CIU V2 ar fáil anois.
- CCI Céimeanna 1 agus 2 - Beo ar an 31 Nollaig 2025.
- CIU V2 - Ag dul beo ar 30 Meitheamh 2026.
Córas Iompórtála Uathoibríoch (CIU) V2 agus CCI C1 agus C2
Beidh doiciméid agus treoracha ar fáil do sholáthraithe bogearraí agus do thrádálaithe maidir le conas a gcórais TF a chur ar bun do CIU V2 uasghrádaithe agus do Chéimeanna 1 agus 2 den Imréiteach Láraithe.
Ar aghaidh: Conas do ghnó a ullmhú do na hathruithe