Tuairiscí Custam agus Máil ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)

Tá tuairiscí ar chuntais ríomh-Custam ar fáil ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) do chustaiméirí atá cláraithe le haghaidh ROS agus Custaim agus Máil.

Cuireann an áis tuairisce tuairiscí ar fáil do dhearbhuithe an Chórais Iompórtála Uathoibríoch (CIU) agus an Chórais Easpórtála Uathoibrithe (AES) trí níos mó faisnéise a sholáthar i bhfíor-am. Tá tuairiscí dearbhaithe maidir le hIontráil Dleachta Máil (EDE) ar fáil freisin nuair is infheidhme.

Tabhair do d’aire

Tá an Córas ríomhchuntais Chustaim ag feidhmiú ón 6 Márta 2023 don CIU agus ón 21 Márta 2023 i gcás AES. Tá tuairiscí EDE ar fáil ón 1 Márta 2024.

Is iad seo a leanas na príomhbhuntáistí:

  • oibríonn ár seirbhís breisithe airgid 24/7
  • tuairisciú fíor-ama
  • ní chuirtear tuairiscí ar fáil ach don iompórtálaí, don easpórtálaí, agus don íocóir
  • agus
  • nuair atá fáil air, glacann an córas airgead tirim, sula n-asbhaintear é ó chuntas iarchurtha an chustaiméara.

Tá na tuairiscí C&M ar fáil do thrádálaithe ar ROS

Fiosrú ar iarmhéid

Ligeann an áis seo duit féachaint ar an iarmhéid iarchurthana agus airgid thirim le haghaidh dearbhuithe Custam, Máil agus Cánach Cláraithe Feithiclí (CCF).

Tuairisc íocaíochta

Tá ceithre áis tuairisce ar leith ar fáil maidir le híocaíochtaí a dhéantar in ROS:

  1. Liosta na n-íocaíochtaí aonair a rinne tú in ROS.
  2. Liosta na n-íocaíochtaí a rinne tú laistigh d'achar ama sonraithe in ROS.
  3. Liostaí íocaíochta seachtainiúla - sonraí na n-íocaíochtaí a rinneadh chuig do chuntas TAN C&M in ROS an tseachtain roimhe sin.
  4. Fógra um íocaíocht bosca isteach ROS sa chás go ndéanann custaiméir do TAN C&M a bhreisiú.

Tuairisc TAN C&M le haghaidh dearbhuithe a thíolactar in CIU nó EDEanna d'íocóirí

Léirítear sa tuairisc seo dearbhuithe a bhfuil tionchar airgeadais acu ar

  • do chuntas TAN C&M - tuairisc mhíosúil ar chánacha comhcheangailte
  • agus
  • tuairisc ar dhearbhuithe neamhíoctha.

Tabhair do d’aire

Is tuairisc achoimre agus tuairisc ar chineál cánach iad na tuairiscí eile atá ar fáil.

Tuairisc TAN C&M le haghaidh dearbhuithe a tíolacadh in CIU nó EDEanna d'iompórtálaithe

Is tuairisc threimsiúil shonraithe chomhgheangailte í seo. Liostaítear ann gach dearbhú ina gcuirtear cáin le chéile le haghaidh dleachta, Cáin Bhreisluacha (CBL) ar dhleacht, mál, CBL ar mháil agus CBL iarchurtha.

Tuairisc CBL iarchurtha d'iompórtálaithe

Cuireann an tuairisc seo liosta ar ais den leagan is déanaí de dhearbhuithe le CBL iarchurtha le haghaidh tréimhse roghnaithe.

Tuairisc TAN C&M le haghaidh dearbhuithe a tíolacadh in AES d'Easpórtálaithe

Cuireann an tuairisc seo liosta dearbhuithe ar ais inar ghníomhaigh tú mar easpórtálaí le haghaidh tréimhse roghnaithe.

Liostaí dearbhuithe seachtainiúla C&M

Sonraítear sa liosta idirbheart seachtainiúil gach dearbhú neamh-CIU a tíolacadh don tseachtain roimhe sin le d'uimhir EORI luaite mar an t-iompórtálaí.

Dearbhú míosúil C&M agus ráiteas íocaíochta

Ní tháirgtear ráitis mhíosúla ach i leith an íocóra. Taispeánann an ráiteas seo sonraí na ndearbhuithe a raibh tionchar acu ar chuntas TAN C&M an íocóra don mhí roimhe sin. Tá sonraí faoi íocaíochtaí agus creidmheasanna isteach sa chuntas nó amach as san áireamh ann.

Tuilleadh eolais

Féadtar tuilleadh eolais a fháil i dtuairiscí TAN C&M.

Déan teagmháil le Tacaíocht Theicniúil eCustoms chun cúnamh a fháil le haon fhiosruithe.