Seirbhís cuardaigh teachtaí
Is éard a dhéanann an tseirbhís cuardaigh teachtaí ná go ndéanann siad taifeadadh ar an am sceidealaithe agus iarbhír teachta d’aon aerárthach nó soitheach isteach go hÉirinn. Faigheann na Coimisinéirí Ioncaim an fhaisnéis fíor-ama i leith soitheach agus aerárthach ó na húdaráis chalafoirt nó aerfoirt.
Ní chríochnóidh do dhearbhú iompórtála an phróiseáil go dtí go ndéantar an t-am agus dáta teacht a mheaitseáil leis an gcóras teachta.
Féadtar an córas teachta a úsáid trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) chun féachaint ar fhaisnéis eitilte nó soithigh a choinnítear ar thaifid na gCoimisinéirí Ioncaim.
An méid a theastaíonn chun teacht ar an tseirbhís
Chun teacht ar an tseirbhís seo, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:
- do shonraí logála isteach ROS
- deimhniú digiteach ROS bailí
- agus
- clárúchán bailí le haghaidh custam agus máil in ROS.
Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís cuardaigh teachtaí
Féadtar teacht ar an tseirbhís trí ROS ach na céimeanna seo a leanúint:
- Logáil isteach ar ROS le do shonraí logála isteach ROS agus deimhniú digiteach.
- Faoin gcluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’, oscail an rannán ‘Tíolaic Tuairisceán’.
- Roghnaigh an cineál cánach ‘C&M’.
- Cliceáil ar ‘Tíolaic Tuairisceán’.
- Ar an scáileán ‘Cuardaigh Teachtaí’, cuir isteach sonraí na dteachtaí.
Féadtar an cuardach a bheachtú trí thuilleadh sonraí a chur isteach sa réimse ‘Aitheantas an Mhodha Iompair’, amhail:
- uimhir na heitilte (i gcás aeriompair)
- nó
- an uimhir leis an Eagraíocht Muirí Idirnáisiúnta (IMO) (i gcás iompair muirí).
Léireofar torthaí ó na critéir chuardaigh duit má tá siad ar an gcóras.
Tuilleadh eolais
Chun tuilleadh eolais a fháil ar an gcóras teachtaí féach Arrivals system viewing guide.
Tá líne chabhrach á hoibriú ag na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh fiosruithe faoin gcóras teachtaí.
Tabhair do d'aire
Ach amháin má thugtar údarú follasach, ní mór nach n-úsáidfeadh úsáideoirí an fheidhm ‘Cuir Ceann Nua Isteach’. Déantar monatóireacht rialta air seo chun mí-úsáid a chosc.