Córas Rialaithe Iompórtálacha 2 (ICS 2)
Sceideal eisiúna an ICS2
Éisíodh ICS2 i dtrí eisiúint mar seo a leanas.
Eisiúint 1 – 15 Márta 2021: Coinsíneachtaí poist agus mearphoist trí aeriompar - Réamh-Fhaisnéis Lastaí Réamhlódála (PLACI) le sonraí íosta ENS.
Eisiúint 2 – 1 Márta 2023: Earraí in aerthrácht - Sonraí iomlána ENS réamhtheachtaithe do gach earra ar aeriompar.
Eisiúint 3 – 3 Meitheamh 2024: Earraí ar uiscebhealaí muirí agus intíre, trácht bóthair agus iarnróid - Sonraí iomlána ENS réamhtheachta do gach earra sna hearnálacha seo, lena n-airítear earraí a sheoltar tríd an bpost.
Eisiúint 3 - Cuireadh an eisiúint seo i bhfeidhm i dtrí chéim
Céim 1: 3 Meitheamh 2024 - 4 Nollaig 2024 (iompróirí uiscebhealaí muirí agus intíre).
Céim 2: 4 Nollaig 2024 - 1 Aibreán 2025 (tíolaiceoirí leibhéal tí uiscebhealaí muirí agus intíre).
Céim 3: 1 Aibreán 2025 - 1 Meán Fómhair 2025 (iompróirí bothair agus iarnróid).
Baineann céim 3 le trácht Rolladh-Ar Rolladh-As (RoRo) a thagann go hÉireann:
- le tionlacan (meastar gur trácht bóthair é)
- agus
- gan tionlacan (meastar gur trácht muirí é)
Deonaíodh maolú d'Éirinn a cheadaíonn dúinn síneadh a chur leis an fhuinneog imlonnaithe do Chéim 3 go dtí 31 Nollaig 2025. Maidir le hearraí ar bháid farantóireachta ag teacht isteach san Aontas Eorpach (AE) in Éirinn, féadfaidh tú leanúint ar aghaidh ag tíolacadh ENS in ICS1 go dtí 31 Nollaig 2025. Ó 1 Eanáir 2026, beidh sé éigeantach duit ENS a thíolacadh in ICS2 do na hearraí seo.
Dheimhnigh an Coimisiún go gcaithfidh earraí a thagann isteach san AE trí Bhallstáit nach ndearna iarratas ar an maolú a bheith clúdaithe le ENS in ICS2 ó 1 Meán Fómhair 2025.
Tabhair do d'aire
Moltar d'oibreoirí eacnamaíocha bogadh go ICS2 anois agus gan fanacht go dtí an 31 Nollaig 2025.
Gheobhaidh tú doiciméid tionscadail maidir le Eisiúint 3 de ICS2 ar Coimisiún Eorpach - ICS2.
Cosaint sonraí
Cuireann Ráiteas Príobháideachais eolas cuimsithech ar fáil ar phróiseáil agus an chosaint i leith sonraí pearsanta a thíolactar chuig ICS2.
Tuilleadh eolais
D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach na doiciméid seo a leanas a d’fhéadfadh bheith ina chabhair duit agus do ghnó á ullmhú agat do ICS2:
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoi ICS2, déan teagmháil le: